Thug gardaí rabhadh faoi fhoréigean frith-inimirce beagnach bliain ó shin

10/12/2023

Dúirt dronganna le Gardaí ‘is sibhse na f ***ing naimhde’ agus iad ag agóidíocht in aghaidh inimirce

Bhí a fhios ag Gardaí sinsearach faoin mbagairt a bhain le foréigean ar an eite dheis beagnach bliain ó shin, ainneoin a bhfuil ráite ag Drew Harris.

Tugadh rabhadh do bhainistíocht na nGardaí faoi dhronganna ar an eite dheis i mí Eanáir seo caite nuair a d’inis oifigeach sinsearach dá cheannasaithe go raibh ceantar i mBaile Átha Cliath i ‘stád ainrialachas beagnach’ (a state of near anarchy).

Bhí Gardaí á bhagairt agus dúirt dronganna a bhí ag tacú leis na hagóidí frith-inimirce leo: ‘Is sibhse na f ***ing naimhde’.

Garda Protest 1

Is cosúil go bhfuil na rabhaidh ag teacht salach ar éilimh Choimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris, a dúirt tar éis círéibeacha (riots) na míosa seo caite i lár chathair Bhaile Átha Cliath, ‘nach bhféadfadh duine ar bith na himeachtaí seo a thuar (predict)’.

Dúirt foinsí atá ar an eolas faoi seo nach féidir le bainistíocht an Gharda Síochána a rá nach raibh a fhios acu faoin gcás naimhdeach nuair a labhair Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (Garda Representative Association, GRA) faoi ag tús na bliana, de réir tuarascála san Irish Mail on Sunday.

Thug an Bleachtaire-Garda Mark Ferris, feidhmeannach lárnach GRA do cheantar Chathair Bhaile Átha Cliath Thiar, sonraí dá cheannairí faoin gcaoi a ndearna slua mór bagairt ar ghardaí le  linn dhá oíche d’agóidí in aghaidh inimirceach i bhFionnghlas (Finglas).

I mí Eanáir, thuairiscigh an tUasal Ferris: ‘Le dhá oíche anuas cuireadh fo-cheantar Fhionnghlaise i stád ainrialachas beagnach mar go bhfuil gnéithe frithshóisialta (anti-social) ceangailte le gluaiseacht agóide atá ag dul i méid agus imní faoi bheartas an Stáit ar lucht iarrtha tearmainn (asylum-seekers).’

Garda Car 2

Thuairiscigh ionadaí GRA freisin píosaí scannáin de na hagóidí a scaipeadh ar na meáin shóisialta agus d’inis sé conas a bhí oifigigh faoi bhagairt ag lucht agóide.

Dúradh le Gardaí: ‘Táimid chun an chéad chéim eile a ghlacadh; is sibhse na f ***ing naimhde.’

Ina thuarascáil, labhair an Garda ar theacht chun cinn ógánaigh ‘radacach’ i mbruachbhailte faoi mhíbhuntáiste (disadvantaged suburbs) ‘ina bhfuil an dlí agus an t-ord sáraithe go forleathan cheana féin’. Dúirt sé gur ‘oideas le haghaidh corraíl shibhialta (civil unrest)’ a bhí ann.

Dúirt sé go bhfuil gardaí anois ‘ ar an líne tosaigh maidir le coimhlint  atá ag teacht chun cinn’.

Chuir Ferris an eolas se oar fail 10 mí sular shéan an Coimisinéir Harris go raibh teip póilíneachta ann nuair a chaill gardaí smacht ar chodanna de Lár Bhaile Átha Cliath ar feadh uaireanta.

Sin a tharla le linn na gcíréibeacha a tharla tar éis ionsaí ar bhean agus ar pháistí scoile i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Scriosadh siopaí agus scriosadh tram Luas agus cuireadh bus ar lasadh.

Garda Car Set Alight 1

Fuair garda amháin gortuithe tromchúiseacha a d’fhág go raibh gá le ladhar a theascadh (thumb amutated), agus gortaíodh go leor eile. Dóitear trí fheithicil déag de chuid an Gharda Síochána nó rinneadh damáiste dóibh.

Nuair a fiafraíodh de ar theip ar bhainistíocht an Gharda ina bhfreagra póilíneachta, dúirt an tUasal Harris: ‘Ní fhéadfadh duine ar bith a bheith ag súil leis na himeachtaí seo.

‘Níl aon teip anseo. Sílim go bhfuil gné den radacú feicthe againn. Tá grúpa daoine feicthe againn a ghlacann go beagán lán fíricí, lán do fuatha agus a iompraíonn iad féin ar bhealach atá círéibeach agus a chuireann isteach ar ár sochaí.’

Dúirt foinsí, áfach, gur thug na hoifigigh foláireamh soiléir do bhainistíocht an Gharda Síochána ar feadh míonna faoin mbagairt mhéadaithe a bhaineann le sluaite foréigneach ar dheis.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram