Gach eolas faoi Christmas FM a fhilleann ar na haerthonnta

01/12/2023

Tá Christmas FM á bhainistiú agus á chur i láthair ag thart ar 100 oibrí deonach agus tá €3 milliún bailithe acu do charthanachtaí leanaí go dtí seo

Filleann Christmas FM ar na haerthonnta tráthnóna Dé Máirt ó 12pm. Seinnfidh an stáisiún amhráin Nollag – ó cheol clasaiceach go amhráin nua.

Is féidir le héisteoirí a bheith ag tnúth le gach rud a chloisteáil ó Mariah go Michael agus ar ndóigh Slade agus Wizzard.

Bhí cúpla (twins) an Mhuilinn Chearr (Mullingar),  Ben agus Louis McPhillips, atá 5 bliana d’aois, ag cuidiú leis an stáisiún raidió a chur ar siúl go hoifigiúil do shéasúr na féile 2023.

Bhuaigh na deartháireacha comórtas a reáchtáil Christmas FM chun cúntóir beag an-speisialta a aimsiú chun cuairt a thabhairt ar an stiúideo agus an Nollaig a chur ar siúl do 2023.

Anois ina 16ú bliain, tá níos mó ná €3 milliún bailithe ag Christmas FM do roinnt carthanachtaí ó bunaíodh é
Anois ina 16ú bliain, tá níos mó ná €3 milliún bailithe ag Christmas FM do roinnt carthanachtaí ó bunaíodh é

‘Magic of Christmas’ appeal’ le Christmas FM

Anois ina 16ú bliain, tá níos mó ná €3 milliún bailithe ag Christmas FM do roinnt carthanachtaí ó bunaíodh é.

I mbliana, leanfaidh an stáisiún leis an ‘Magic of Christmas Appeal’, ag bailiú airgid do Barnardos, Barretstown, Make-A-Wish Ireland agus go leor carthanachtaí leanaí ar fud na tíre.

In 2022, bhailigh sé beagnach €300,000 do na carthanachtaí agus tá súil ag an tionscnamh tiomsaithe airgid os cionn €1,000,000 a bhailiú idir 2022 agus 2024 do charthanachtaí leanaí na hÉireann.

Bhí cúpla (twins) an Mhuilinn Chearr (Mullingar),  Ben agus Louis McPhillips, atá 5 bliana d’aois, ag cuidiú leis an stáisiún raidió a chur ar siúl
Bhí cúpla (twins) an Mhuilinn Chearr (Mullingar),  Ben agus Louis McPhillips, atá 5 bliana d’aois, ag cuidiú leis an stáisiún raidió a chur ar siúl

Tá Christmas FM á bhainistiú agus á chur i láthair ag thart ar 100 oibrí deonach a chaitheann na céadta uair an chloig dá gcuid ama ann. Tugann croífhoireann bhainistíochta cúnamh dóibh.

Clúdaíonn urraitheoirí éagsúla na costais a bhaineann le reáchtáil an stáisiúin, rud a chinntíonn go dtéann síntiúis éisteoirí go díreach chuig an tionscnamh tiomsaithe airgid.

Is iad Coca Cola, An Post agus Cadbury príomhurraitheoirí na bliana seo.

Craolann Christmas FM ó The Clayton Hotel, Gleann na Life (Liffey Valley) a bhfuil a spás stiúideo tugtha go cineálta acu arís i mbliana.

Santa ar Christmas FM
Santa ar Christmas FM

Conas is féidir liom éisteacht le Christmas FM?

Beidh an stáisiún Fhéile ag craoladh freisin ar Virgin Media Channel 900. Le tuilleadh eolais a fháil ar bhealaí le héisteacht téigh ANSEO.

Dúirt Garvan Rigby, comhbhunaitheoir Christmas FM, go bhfuil an fhoireann ‘ar bís’ go bhfuil an stáisiún ar ais ar feadh 16 bliana.

Tá Christmas FM ar fáil le sruthú ar líne ANSEO.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram