Feachtas um shábháilteacht ar bhóithre don Nollaig

Tá an feachtas is mó riamh seolta ag Gardaí chun daoine a shábháil an Nollaig seo

Tá na Gardaí chun ceann de na feachtais sábháilteachta bóithre is mó riamh don Nollaig a sheoladh, agus básanna ar bhóithre na hÉireann ar tí dul in airde de 25% i mbliana, de réir tuairisce san Irish Independent.

Tá imní léirithe ag an Taoiseach Leo Varadkar faoin líon mór daoine a fuair bás, le 170 duine caillte i dtráchtanna ar bhóithre go dtí seo i mbliana – 33 níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh.

Is ábhar imní é go bhfuil an dola báis sin beagnach 39% os cionn ráta na mbásanna don chéad 11 mhí de 2019.

D’iarr feachtóirí sábháilteachta lena n-áirítear grúpa sábháilteachta bóithre PARC go ndéanfaí acmhainní breise don Gharda Síochána, go ndéanfaí athnuaite ar chur chun cinn sábháilteachta ar bhóithre agus go ndéanfaí forghníomhú ceadúnais tiomána a neartú mar thosaíocht náisiúnta.

Feachtas don Nollaig ag na Gardaí
Feachtas don Nollaig ag na Gardaí

Bhuail oifigigh an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) le hoifigigh de chuid Aonad Póilíneachta Bóithre an Gharda Síochána chun an dola báis a phlé agus chun freagra a chinneadh.

Dúirt cathaoirleach an RSA, Liz O’Donnell, gur ábhar mór imní é scála na mbásanna ar na bóithre le déanaí, agus d’áitigh an Taoiseach – iar-aire iompair – go mbeadh sé ina chathaoirleach go pearsanta ar chruinniú aireachta níos luaithe an mhí seo maidir le tionscnaimh um shábháilteacht ar bhóithre.

Thug an tUasal Varadkar cuireadh do Susan Gray ó PARC cur i láthair fada a thabhairt do na príomh-airí, an RSA, na Gardaí, an tseirbhís chúirte, an biúró leighis um shábháilteacht ar bhóithre (MBRS) agus státseirbhísigh sinsearacha.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram