Tá brú méadaitheach ar an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus ar Choimisinéir na nGardaí Drew Harris tar éis na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath Déardaoin.
Is cúis imní d’Airí sinsear Fhine Gael, an Taoiseach ina measc, mar go mbeidh orthu dul amach agus iad a chosaint sa Dáil an tseachtain seo.
Tá Teachtaí Dála an fhreasúra ag rá go poiblí nach bhfuil muinín acu astu – agus, go príobháideach, tá roinnt Teachtaí Dála de chuid an Rialtais ag rá an rud céanna, go háirithe i bhFianna Fáil.
Go deimhin tá roinnt Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil agus urlabhraithe sinsearacha ag insint faoin bhfrustrachas atá orthu gur thug siad foláireamh go bhféadfadh rud mar seo tarlú ach níor tugadh aird orthu.
Bhí siad cáinteach cheana féin ar na beartais Dlí agus Cirt agus póilíneachta roimh círéibeacha Déardaoin.
‘Tá Fianna Fáil ag rá le 18 mí anuas gur áit bhagrach agus neamhshábháilte í lár na cathrach,’ a dúirt Urlabhraí Dlí agus Cirt de chuid Fianna Fáil, an TD Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, Jim O’Callaghan.
Dúirt an tUasal O’Callaghan, a fheictear mar iomaitheoir ceannaireachta freisin, go léiríonn na círéibeacha go raibh an ceart acu.
Go dtí seo tá sé ráite ag an Aire Dlí agus Cirt nach n-éireodh sí as a post agus dúirt Coimisinéir an Gharda nauch raibh aon ‘teipeanna pearsanra’ taobh istigh den fhórsa, dar leis an Irish Times.
Mar sin féin, tá an cur chuige a bhí á éileamh ag Teachtaí Dála Fhianna Fáil glactha anois áfach.
Oíche Dé hAoine, bhí oibríocht póilíneachta ar mhórscála i bhfeidhm ar fud chathair Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear aonaid shoghluaiste oird phoiblí ag taisteal i veaineanna, agus gardaí ag ullmhú le haghaidh tuilleadh foréigin.
Chomh maith le sin tá Dhá ghunna mór uisce (water cannons) seolta ag an Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (an PSNI) tar éis iarratas ón nGarda.
Tá siad ag déileáil anois freisin le lucht agóide ciníocha a chuireann imeaglú ar inimircigh agus ar pholaiteoirí ina gcónaíonn siad, agus ar a dtionscnóirí ar líne.
Creidtear go bhfuil roinnt daoine aitheanta atá gníomhach ar líne ag tacú le polasaithe idirdhealaithe agus a spreagann fuath do chodanna áirithe den tsochaí á bhfiosrú ag na gardaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.