Aon Scales? Éist le imreoir sacair na hÉireann in agallamh i nGaeilge

19/11/2023

Is é Liam Scales laoch nua Celtic do bhainisteoir na hÉireann Brendan Rodgers agus tá súil aige rudaí iontacha a dhéanamh ar son fhoireann na hÉireann. Éist lena bhfuil le rá aige anseo

Tá Liam Scales ag labhairt i nGaeilge leis na meáin chumarsáide faoin ról atá aige ar fhoireann Celtic agus i Sraith Seaimpíní UEFA. Agus tá alt faoi ar fáil ar tuairisc.ie ANSEO

Tá an agallamh féin ar fáil ANSEO

Ag imirt ar son na hÉireann
Ag imirt ar son na hÉireann

Níl aon dabht ach gur éirigh thar barr le Scales agus é ag dul isteach i bhfoireann a haon do Celtic an séasúr seo.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh sé ar tí an club a fhágáil i rith an tsamhraidh ach rinne gortuithe do na cosantóirí Cameron Carter-Vickers agus Maik Nawrocki cinnte go dtabharfadh bainisteoir Éireannach an chlub, Brendan Rodgers, seans dó.

Agus rinne Rodgers an cinneadh ceart. Tá Scales tar éis imirt i Sraith na Seaimpíní anois agus tá sé a imirt do Phoblacht na hÉireann.

Tá roinnt athruithe móra tagtha ar shaol an pheileadóir Ghaelaigh atá 25 bliain d’aois.

Brendan Rodgers
Brendan Rodgers

Measann Scales go bhfuil sé thar a bheith speisialta dó ionadaíocht a dhéanamh ar Celtic mar Éireannach i bhfianaise fréamhacha an chlub.

Dúirt sé leis an Irish Independent le déanaí: ‘Is dóigh liom, ag tús na bliana, gur cheap formhór na ndaoine go raibh mé chun dul ar ais go Aberdeen.

‘Bhí sé saghas ar an bhfód, bhí caint faoi ag tarlú.

‘Is léir gur tharla cúpla gurtú ansin. Is dóigh liom gur chuir sé ionadh orm sa chiall go mb’fhéidir nach raibh mé go hiomlán sa phictiúr, ansin tharla cúpla gortú agus caitheadh isteach mé agus rinne go maith, agus tá m’áit sealbhaithe agam anois,’ a dúirt Scales.

‘Labhair mé leo ag deireadh m’iasachta agus bhí fonn orthu mé a bheith ar ais ar feadh bliana nó 18 mí, agus bhí grá agam d’ Aberdeen, is club peile iontach é Aberdeen.

‘Bhí mé ag súil go mór le bheith ag dul ar ais ansin agus é sin a dhéanamh, ach d’oibrigh sé amach níos fearr dom anois agus táim ana shásta go bhfuil me le Celtic.

Is iontach an rud é a bheith ag  an imirt do Celtic. Maidir liom féin agus mo theaghlach, tá siad go léir chomh bródúil agus táim bródúil asam féin.

‘Mar Éireannach, tá ceangal ann, tá lucht leanúna mór ag Celtic in Éirinn. Maidir liomsa a bheith saghas ionadaíoch ar na hÉireannaigh ag Celtic, tá sé ar fheabhas.

Liam Scales le Celtic
Liam Scales le Celtic

‘Táim ag iarraidh sult a bhaint as gach nóiméad de mar cé a fhios cá fhad a mhairfidh sé.’

Anois agus Rodgers ag iarraidh air san fhoireann is dócha go mbeidh Scales ag imirt d’fhoireann Celtic go ceann tamaill, agus a thosaí á fháil aige in ainneoin iomaíochta ó Nawrocki agus Gustaf Lagerbielke.

Tá láithreacht leanúnach aige sa líne chosanta sin agus tá sé ag tógáil comhpháirtíocht le Carter-Vickers.

Is annamh a lig sé Celtic síos go fóill agus go dtí go ndéanann sé, coinneoidh sé a áit sna haon déag tosaigh.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram