Agóid faoi Gaza agus ‘boycott’ ar Puma in O’Neills

Agus na mílte ag máirseáil ag agóid i mBaile Átha Cliath, tá an chuideachta Gearmánach Puma cáinte as tacú le foireann peile náisiúnta Iosrael

Tá an soláthraí spóirt Éireannach O’Neills tar éis gach táirge de chuid Puma a tharraingt siar ó dhíolachán i measc agóidí faoi ionsaithe Iosraelach ar Gaza.

Tá an comhlacht a bhfuil an-tóir orthu i measc clubanna CLG tar éis na táirgí Puma a bhí ar díol ar a shuíomh idirlín agus ina siopaí a tharraingt siar.

palestine march 6

Agus mháirseáil na mílte duine trí shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn i ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne agus chun sos cogaidh a iarraidh in Gaza.

Thosaigh an agóid ag Gairdín na Cuimhneacháin agus mháirseáil trasna na Life, le taispeántóirí ag canadh: ‘Ceasefire now’.

D’eagraigh Feachtas Dlúthpháirtíochta na hÉireann-na Palaistíne an léirsiú, agus ghlac baill de  Pobal Roimh Bhrabús (People Before Profit), Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, agus Sinn Féin páirt ann.

Faoi láthair ní féidir le siopadóirí aon táirgí Puma a fháil trí shiopa ar líne O’Neills.

Dhíol an comhlacht roimhe seo T-léinte, seaicéid, bróga agus hataí a rinne Puma.

palestine march 7

Cáineadh an comhlacht Gearmánach as a nasc le hIosrael.

Bhí sé beartaithe ag gníomhaithe ón bPalaistíneach agóid a dhéanamh ag siopa O’Neills i nDoire faoi stocáil earraí Púma.

Tá an imeacht ag Ireland Palestine Solidarity Campaign (IPSC) curtha ar ceal dá bharr.

Tá sé ráite ag comhairleoir People Before Profit, Shaun Harkin, go bhfáiltíonn sé roimh chinneadh O’Neills agus d’iarr sé ar chomhlachtaí Éireannacha eile a leithéid a leanúint, dar leis an Irish Daily Mail.

‘Tá iarrtha againn le fada ar O’Neills stop a chur leis an mbranda Púma,’ a dúirt sé.

‘Mar fhreagra ar agóid atá beartaithe ag an IPSC, tá an cinneadh déanta ag siopa O’Neills i nDoire míreanna Puma a bhaint as.

‘Fáiltíonn muid roimh an gcinneadh seo agus molann muid na hoibrithe go léir as seasamh leis an bPalaistín agus in aghaidh ionsaí mídhaonna.

palestine march 10

‘Leanaimis baghcat (boycott) Púma agus corparáidí eile atá bainteach le coireanna Iosrael go gach cúinne d’Éirinn díreach mar a rinneamar chun deireadh a chur le apartheid san Afraic Theas.’

Ag tosú in 2018, bhí Puma ar cheann de spriocanna na gluaiseachta domhanda Boycott, Divestment and Sanctions (BDS) i gcoinne Iosrael.

I ráiteas, dúirt Kerstin Neuber, ceannaire cumarsáide Puma: ‘Soláthraíonn comhpháirtí dáileacháin áitiúil Puma trealamh peile le branda Puma d’fhoirne náisiúnta Iosrael chun dul san iomaíocht i gcomórtais idirnáisiúnta.

‘Níl aon bhaint oifigiúil eile againn le haon fhoireann peile Iosraelach eile – ar mhórthír Iosrael ná sna lonnaíochtaí.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram