Tháinig na mílte de lucht leanúna amach ag Old Trafford chun slán a fhágáil ag réalta Manchester United Bobby Charlton.
Fáiltíodh roimh ‘cortege’ bhuaiteoir Chorn an Domhain 1966 le bualadh bos agus é ag dul thar Seastán Thoir (East Stand) an Staidiam.
Chuaigh sé thar dealbh na Tríonóide ‘United’ freisin, ina bhfuil Charlton, George Best agus Denis Law.
Bhí garda onóra ag foirne faoi-18 agus faoi-21 an chlub taobh leis an dealbh.
Bhí go leor grianghraf dubh agus bán a thaispeánann slí bheatha fhada agus cháiliúil Charlton mar imreoir agus ansin mar stiúrthóir ar an gclub.
Go hard ar bhalla gloine an Seasaimh Thoir bhí dhá ghrianghraf ollmhór dubh agus bán – ceann de Charlton ina laethanta imeartha leis na Busby Babes agus an ceann eile mar státaire ba shine an chlub mar stiúrthóir.
Rinne an cortege a bhealach trasna an staidiam, agus na sluaite ann.
Ansin rinne sé casadh ar dheis amach as an gcoimpléasc chun taisteal ar a thuras trí mhíle go dtí Ardeaglais Mhanchain (Manchester Cathedral) i lár na cathrach.
Ina measc siúd a thug ómós ag an tsochraid bhí Roy Keane, Alex Ferguson, Harry Maguire, Luke Shaw, Jonny Evans agus Tom Heaton agus go leor iar-imreoirí.
Bhí roinnt de sheanchomhpháirtithe Charlton ann freisinchomh maith leis an bainisteoir Shasana Gareth Southgate, uachtarán UEFA Aleksander Ceferin, an Prionsa William agus príomhfheidhmeannach Manchester City Ferran Soriano.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.