‘Gobbledygook’: Pat Spillane ag gearán faoi ráiteas scoir Johnny Sexton

Deir laoch CLG, Spillane, nach bhfuil i ráiteas a chuir Sexton amach ach ‘PR’ agus nach léiríonn sé smaointe an iar-chaptaen rugbaí ag chor ar bith

Tá Johnny Sexton cáinte ag Pat Spillane tar éis ráiteas iar-chaptaen na hÉireann faoi éirí as rugbaí gairmiúil.

Tá Sexton, atá 38 bliain d’aois, ag éirí as an rugbaí tar éis d’Éirinn cailleadh i gCorn an Domhain in aghaidh na Nua-Shéalainne.

‘Bhí an brón a bhí air tar éis cailleadh na hÉireann do Nua-Shéalainn scríofa ar fud a aghaidh’
‘Bhí an brón a bhí air tar éis cailleadh na hÉireann do Nua-Shéalainn scríofa ar fud a aghaidh’

Bhíothas ag súil go forleathan go ndéarfadh laoch Laighean go mbeadh sé ag éirí as tar éis an chomórtais ar aon nós, agus rinne sé go hoifigiúil é le ráiteas fada a eisíodh ar na meáin shóisialta sna laethanta i ndiaidh chluiche na hÉireann in aghaidh na All Blacks.

‘Ceithre bliana ó shin shuíomar síos mar scuad agus labhair muid faoin méid a bhí muid ag iarraidh a bhaint amach,’ a dúirt Sexton sa phost.

‘Ba é ár bpríomh spreagadh agus ár gcuspóir, an náisiún a spreagadh. Sílim gur bhaineamar amach é sin. Chaill muid, ach bhuaigh muid.’

Pat Spillane
Pat Spillane

Tá cáineadh déanta ar na meáin shóisialta mar thoradh ar an bhfrása ‘chaill muid, ach bhuaigh muid’, ina measc an laoch peile Chiarraí agus tráchtaire, Spillane.

‘Nuair a chuaigh sé chun páirce, bhí an cur chuige céanna aige féin agus mé féin, Michael Jordan agus Roy Keane,’ a dúirt Spillane, iar-bhuaiteoir Chraobh na hÉireann, faoi Sexton.

‘Mr Cranky/Mr Perfection eile. I bhfocail eile, buaiteoir. Bhí an brón a bhí air tar éis cailleadh na hÉireann do Nua-Shéalainn i gcluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain scríofa ar fud a aghaidh agus é ag siúl den pháirc,’ a dúirt Spillane sa Sunday World.

‘Mar sin, ba chaint gan aon áibhéil (understatement) é a rá gur chuir a ráiteas scoir iontas orm,’ a dúirt Spillane.

‘Dúirt sé gur shuigh scuad na hÉireann síos ceithre bliana ó shin agus labhair siad faoina raibh siad ag iarraidh a bhaint amach. Cad? Chaill muid, ach bhuaigh muid?’

Johnny Sexton
Johnny Sexton

Lean Spillane ar aghaidh ag labhairt faoi fhocail Sexton mar ‘PR’ atá go hiomlán ag teacht salach ar a phearsantacht, ach atá ag teacht le dearcadh rugbaí na hÉireann.

‘Is gobbledygook é a d’fhéadfadh a bheith de ghnáth ag teacht ó roinnt gúrú PR, in ionad ó bhuaiteoir mór le rá.

‘Is dóigh liom go léiríonn a ráiteas an difríocht mhór idir an dearcadh a bhíonn ag an bpeil Ghaelach [agus an iománaíocht] in Éirinn i gcomparáid le rugbaí.

‘Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an bráithreachas rugbaí sásta le rangú domhanda agus le buachan i dTrialacha an Fhómhair (autumn Tests).’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram