Tá dáta socraithe do thriail an iar-réalta iomána DJ Carey, atá ag tabhairt aghaidh ar 21 cúiseamh calaoise (fraud) agus brionniú (forgery).
Tháinig an t-iar-imreoir CLG, atá 52 bliain d’aois, i láthair go gairid ag Cúirt Chuarda Choiriúil (Circuit Criminal Court) Bhaile Átha Cliath Dé hAoine áit a socraíodh dáta trialach (trial date) don 2 Iúil, 2025.
Chuala an chúirt go bhfuiltear ag súil go mairfidh an triail trí nó ceithre seachtaine.
Séanann an tUasal Carey, as The Drive, An Baile Nua, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, gach cúiseamh ina choinne.
Tá 19 líomhain gur spreag sé daoine go mímhacánta airgead a íoc leis tar éis dó a mhaíomh go calaoiseach go raibh ailse (cancer) air agus gur theastaigh airgeadas uaidh le haghaidh cóireála (treatment).
Tá dhá chúiseamh eile os a chomhair as ionstraim bhréagach a úsáid, agus é ar intinn duine eile a spreagadh chun glacadh leis mar uirlis dhílis.
D’iarr Richard Downey BL, ag cosaint, go n-athrófaí coinníollacha bannaí chun ligean don Uasal Carey síniú ag stáisiún Garda eile níos gaire dá sheoladh nua, rud nár nochtadh sa chúirt.
Ní dhearna Simon Matthews BL, a bhí mar ionadaí don Stát, agóid in aghaidh an athraithe ar bhannaí.
Glactar leis an Uasal Carey mar dhuine de na hiománaithe is mó a d’imir an cluiche, agus é ag buachan cúig bhonn sinsear Chraobh na hÉireann le Cill Chainnigh.
Bhí sé ina chaptaen ar an gcontae ar bhua Corn Liam MacCarthy i 2003, agus é mar chuid de na foirne buaiteacha i 1992, 1993, 2000 agus 2002 freisin.
Ainmníodh Carey mar Iománaí na Bliana sa bhliain 2000, agus bhuaigh sé naoi ngradam All-Star.
Ó d’éirigh sé as an imirt, bhí sé i mbun bainistíochta ar iománaithe Faoi 21 Chill Chainnigh agus bhí sé ina roghnóir d’fhoireann sinsir an chontae.
D’athchuir an Breitheamh Orla Crowe an tUasal Carey ar bhannaí leanúnacha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.