Fuair Bobby Charlton bás tar éis titim sa teach cúraim (care home) ina raibh néaltrú (dementia) air, de réir fianaise ag ionchoisne (inquest) sa Bhreatain.
Chaill an buaiteoir boinn Chorn an Domhain in 1966 a chothromaíocht nuair a d’éirigh sé as cathaoir agus bhuail sé leac fuinneoige agus ‘b’fhéidir radaitheoir’, a dúradh le Cúirt Chróinéara i Cheshire, Sasana.
Rinne an fhoireann seiceáil ar chorp iomlán agus níor thug siad faoi deara aon ghortuithe sofheicthe, agus ba chosúil nach raibh aon tionchar ar shoghluaisteacht Charlton a bhí 86 bliain d’aois.
Thug siad faoi deara níos déanaí at (swelling) ar a dhroim agus glaodh ar na paraimhíochaineoirí go The Willows i Cheshire, Sasana, áit a raibh sé ag fáil cúram faoisimh ó mhí Iúil.
Tógadh Charlton chuig an ospidéal sular aistríodh go hOspidéal Ginearálta Macclesfield é. Léirigh X-ghathú agus scanadh gur bhris sé a easnacha (ribs) agus gur dócha go dtiocfaidh niúmóine (pneumonia) air.
D’aontaigh na dochtúirí gur cheart é a chur ar chúram deireadh ré (end-of-life care) san ospidéal. Fuair sé bás ar 21 Deireadh Fómhair, cúig lá tar éis dó titim.
Chualathas go raibh Charlton ‘unsteady’ ar a chosa, go háirithe agus é ag seasamh ó shuí mar gheall ar é a bheith ina chónaí le néaltrú.
Chuala an ionchoisne go raibh stair leighis fhairsing ag Charlton.
Dúirt Tamara Simmons, bainisteoir an tí cúraim, go raibh tacaíocht ag teastáil ó Charlton le gach gné den saol laethúil.
Dúirt Ms Simmons go raibh a leaba chomh gar don talamh agus ab fhéidir.
Rialaigh an cróinéir Jacqueline Devonish go raibh bás Charlton de thimpiste (accidental), rud a thug cúis an bháis mar thráma sna scamhóga, titim agus néaltrú.
Maireann a bhean Norma agus a mbeirt iníonacha Suzanne agus Andrea Charlton.
Bhí an laoch sacair ar cheann de na himreoirí is mó i Sasana, ag scóráil 49 cúl i 106 cluiche agus ag imirt ról ríthábhachtach i laochra Chorn an Domhain 1966.
Mac le mianadóir é, chuaigh sé isteach i Manchester United mar ghasúr scoile agus bhí sé mar chuid d’fhoireann íocónach Busby Babes.
Beidh seirbhís cuimhneacháin ar siúl ar an 13 Samhain ag Ardeaglais Mhanchain (Manchester) agus beidh mórshiúl chuig an ardeaglais ag dul thar Old Trafford.
Dúirt Manchester United: ‘Tabharfaidh an tseirbhís ómós do shaol dochreidte Charlton mar fhear céile, mar athair, mar sheanathair agus, ar ndóigh, mar dhuine de na peileadóirí is fearr a léirigh an tír seo riamh… Beidh searmanas sochraide príobháideach ag an teaghlach ansin do Charlton agus tá príobháideacht iarrtha acu maidir leis na socruithe chuige seo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.