Chuir na mílte de lucht tacaíochta Celtic in aghaidh an chlub agus thaispeáin siad bratacha na Palaistíne ag a gcluiche i Sraith Seaimpíní na hEorpa in aghaidh Atletico Madrid Dé Céadaoin.
Bhí bratacha móra agus na mílte bratach níos lú le feiceáil.
Cé gur roghnaigh an lucht leanúna a dtacaíocht a léiriú do mhuintir na Palaistíne atá á mbuamáil ag ionsaithe aeir Iosraelach tá cosc curtha ag UEFA ar bhratacha na Palaistíne.
Gearradh fíneáil ar Celtic cheana féin mar go raibh na bratacha ar foluain ag lucht leanúna.
Spreag grúpa lucht leanúna na Briogáide Glas (Green Brigade) an lucht tacaíochta chun ‘bratach na Palaistíne a thaispeáint go misniúil’.
Tá sé fógartha ag an mBriogáid Glas, atá ar fionraí faoi láthair ó thicéid a fháil ón gclub, tar éis eachtraí ag Motherwell agus Feyenoord, pleananna chun na mílte bratach a dháileadh lasmuigh den staidiam.
‘Cé go mbeadh sé níos éasca bratacha a dháileadh laistigh, tá cosc orainn na bratacha a thabhairt isteach sa staidiam,’ a dúirt siad i ráiteas.
‘Tá meas againn ar cheart an lucht leanúna go léir ar mian leo gan páirt a ghlacadh i ngníomh den sórt seo, ach mar an gcéanna iarraimid an meas agus an tsaoirse chéanna a thabhairt do gach leantóir a dhéanann é.’
In 2016, bhailigh an Bhriogáid Glas €150,000 (£130,000) i bhfeachtas tiomsaithe airgid ar líne tar éis do UEFA fíneáil a ghearradh ar Celtic mar gheall ar lucht leanúna bratacha na Palaistíne a bheith ar foluain acu le linn a mbua 5-2 i Sraith na Seaimpíní i gcoinne Hapoel Be’er Sheva as Iosrael i nGlaschú.
Chuaigh an t-airgead chuig cúnamh leighis do na Palaistínigh agus tionscadail i gcampa teifeach Aida i mBeithil (Bethlehem), áit ar bunaíodh acadamh peile ar a raibh an t-ainm Celtic.
De réir ráiteas ó Celtic FC: ‘Tá bás, foréigean agus scrios feicthe againn sa Talamh Naofa (Holy Land) le seachtainí beaga anuas, agus na mílte duine – fir, mná agus leanaí – maraithe, gortaithe agus easáitithe.
‘Tá tragóid uafásach á fheiceáil againn. De réir mar a leanann sé ar aghaidh, guíonn gach duine ag Celtic ar son gach duine a ndeachaigh sé i gcion urthu.
‘Tá súil agus guí againn freisin ar son na síochána agus ar son tacaíocht dhaonnúil (humanitarian) chun dul i bhfeidhm orthu siúd atá faoi bhrú.
‘Bhí tionchar ag na himeachtaí seo ar go leor dár gcomhghleacaithe, ár dtacadóirí, ár gcairde agus ár dteaghlaigh.
‘I gcomhthéacs an chúlra seo de choimhlint agus de phian, is féidir leis an spórt an tsíocháin a chur chun cinn agus daonnacht agus comhbhá a léiriú do gach duine a leanann ar aghaidh ag fulaingt.’
Dúirt Celtic freisin go gcaithfeadh imreoirí agus cóitseálaithe bannaí muinchille dubha 9black armsbands) mar ‘léiriú measa agus tacaíochta dóibh siúd go léir a ndeachaigh an choimhlint i bhfeidhm orthu’, agus go bhfuil an club chun síntiús a thabhairt le Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (International Committee of the Red Cross) chun ‘tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil tionchar ag an gcoimhlint orthu’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.