Bhí conspóid mhór i measc na n-airí sinsearacha ag a gcruinniú ar Dé Máirt faoin ngéarchéim maidir le tithíocht do dhídeanaithe (refugees), dar leis an Irish Times.
Dúirt foinsí go raibh sé ar cheann de na ‘na díospóireachtaí is deighilte agus is déine’ a tharla sa Rialtas ó bunaíodh an Comhrialtas.
Thosaigh an t-aighneas nuair a thug an tAire Comhionannais Roderic O’Gorman moladh nua os comhair an chruinnithe.
Ní chuirfeadh an Stát áiteanna cónaithe ar fáil ach ar feadh 90 lá do dhídeanaithe ón Úcráin sula gcuirfí chuig an earnáil phríobháideach iad, de réir an moladh.
Ní raibh meamram le cinneadh ag an cruinniú, cé go dtuigtear go raibh an togra pléite ag triúr ceannairí pháirtithe ag a gcruinnithe seachtainiúla le coicís anuas.
Dúirt foinsí gur inis an tUasal O’Gorman, ón gComhaontas Glas, don Chomh-Aireachta (Cabinet) nach raibh an cur chuige reatha inbhuanaithe (sustainable) agus go mbeadh sé mar thoradh air go mbeadh daoine ar na sráideanna agus nach bhféadfadh an Stát leanúint ar aghaidh ag freastal ar líon na ndaoine atá ag teacht isteach.
Dúirt an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, áfach, go raibh na moltaí comhionann le freagracht a aistriú chuig an Roinn Tithíochta.
Bheadh ar an roinn sin seirbhísí tithíochta nó easpa dídine a chur ar fáil dóibh siúd a bheadh ag fágáil áiteanna cónaithe an stáit tar éis 90 lá.
D’aontaigh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien, atá mar chuid de Fhianna Fáil chomh maith, le ceannaire a pháirtí.
Deirtear go bhfuil imní ar an Tánaiste freisin faoin tionchar ar scolaíocht na bpáistí ar dhaoine a raibh orthu éirí as an lóistín chomh luath sin.
Deirtear gur léirigh an tUasal O’Gorman ‘a frustrachais’, ag rá go raibh go leor fochoistí Comh-Aireachta agus plé fada ann gan aon chinneadh nó toradh.
Deirtear gur fhreagair an tUasal Martin gur minic a chuirtear siar moltaí na Comh-Aireachta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.