Tá ‘spreagadh mór’ faighte ag baile Mhainistir Fhear Maí (Fermoy) i gCo. Chorcaí tar éis do Graham Norton a leithscéal a ghabháil as a thuairimí a léirigh faoin mbaile ar chlár comhrá a rinne an BBC le déanaí.
Bhí bean Albanach darbh ainm Zoey ag glacadh páirte sa mhír ‘Red Chair’ de The Graham Norton Show.
Tugtar cuireadh d’aíonna an lucht éisteachta scéal a insint ar an ‘Red Chair’, ach má mheastar go bhfuil sé leadránach, is féidir le Norton luamhán (lever) a tharraingt a scaoilfidh ón gcathaoir iad.
Dúirt Zoey le Norton go raibh cónaí uirthi i Mainistir Fhear Maí ar feadh 20 bliain agus gur ‘bhaile uafásach’ í.
Dúirt sí faoin mbaile: ‘Tá droichead ann má tá daoine ag iarraidh léim as.’
I gclár Dé hAoine seo caite, dúirt Norton go gcaithfidh sé ‘tosú le leithscéal’.
‘An tseachtain seo caite, bhí duine éigin ar an gCathaoir Dhearg agus ní raibh siad chomh cineálta faoi bhaile Mhainistir Fhear Maí i gCo Chorcaí in Éirinn,’ a dúirt Norton.
‘Is leor a rá nach bhfuil muintir Mhainistir Fhear Maí sásta.
‘Mar sin ba mhaith linn leithscéal a ghabháil. Le cothrom na féinne, chosain mé Mainistir Fhear Maí agus dúirt gurbh é baile an “Peann luaidhe Mhóir” é, ach faraor caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil arís mar is cosúil go bhfuil an peann luaidhe ollmhór bainte as.
‘Ar an taobh eile, bhuaigh Mainistir Fhear Maí Comórtas na mBailte Slachtmhara (Tidy Towns Competition) in Éirinn in 2007 agus 2018 agus mar sin shamhlóinn go bhfuil sé glan go fóill. Mhainistir Fhear Maí abú.’
Dúirt Noel McCarthy, cathaoirleach Coiste na mBailte Slachtmhara Mhainistir Fhear Maí agus comhairleoir de chuid Fhine Gael, le Morning Ireland ar RTÉ, go bhfuil an baile ‘an-sásta’ agus ‘tá sé fíorbhuíoch do Graham leithscéal a ghabháil leis an mbaile oíche Dé hAoine’.
‘Ba mhór an spreagadh dúinn é mar, mar a d’fhéadfá a shamhlú, chuir tuairimí Zoey an tseachtain roimhe isteach go mór orainn anseo i Mainistir Fhear Maí agus go háirithe ar choiste na mBailte Slachtmhara,’ a dúirt McCarthy.
Dúirt sé freisin gur bhraith coiste na mBailte Slachtmhara ‘beagán díomá faoi na tuairimí sin agus theastaigh uainn an scéal a chur i gceart’.
Thug McCarthy le fios freisin go raibh litir seolta ag grúpa na mBailte Slachtmhara chuig The Graham Norton Show.
‘Ach ní bhfuaireamar freagra,’ a dúirt McCarthy, ‘ach an freagra a fuaireamar oíche Dé hAoine a chloisteáil.’
Dúirt sé: ‘Tá cáil orainn anois, spreagaimid daoine le teacht go Mainistir Fhear Maí agus tá an teachtaireacht cheart curtha amach leis an leithscéal oíche Dé hAoine.’
Tá cuireadh seolta freisin ag McCarthy chuig Norton cuairt a thabhairt ar Mhainistir Fhear Maí.
‘Taispeánfaimid timpeall é agus tá súil againn ansin arís go dtabharfaidh sé sin solas maith dúinn ach táimid fíor bhuíoch agus buíoch dó as a leithscéal a ghabháil linn oíche Dé hAoine,’ a dúirt McCarthy.
Agus nuair a cuireadh ceist air faoin peann luaidhe ollmhór, dheimhnigh McCarthy go bhfuil sé fós ann.
‘Baineadh síos an ceann mór a raibh Graham ag tagairt dó agus cuireadh isteach é le comhartha ag rá go bhfuil monarcha Faber-Castell, an mhonarcha a rinne an peann luaidhe, fós anseo i Mainistir Fhear Maí agus táimid an-bhródúil as sin freisin agus tá comhartha eolais ar an bpeann luaidhe sin ag rá cá bhfuil an mhonarcha.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.