Dea-scéala faoi shláinte Saoirse, óna máthair

12/10/2023

Tar éis tréimhse dheacair tá Saoirse as a leaba go luath chun dul ar scoil agus ag freastal ar laethanta iomlána ann

Tá scéala dearfach curtha suas ag máthair Saoírse Ruane ar na meáin shóisialta faoi shláinte a hiníne agus í ag fáil cóir leighis don ailse (cancer).

Roinneann an teaghlach, arb as Co na Gaillimhe iad, míreanna ó saol laethúil Saoirse atá ina inspioráid tar éis di a bheith ar an Late Late Toy Show.

Roinn a máthair, Roseanna, nuashonruithe sláinte do Saoírse, atá  11 bliain d’aois, ar a leathanach Instagram, SaoirseAndMamma.

Ag postáil grianghraf de Saoírse agus a madra Willow, scríobh Roseanna: ‘Chuir an oiread sin agaibh teachtaireachtaí áille chugainn ag rá go bhfuil sé chomh deas Saoírse a fheiceáil chomh maith sin ar maidin & san éide scoile.

‘Díreach 7 seachtaine ó shin bhí rudaí an-difriúil, bhí sí an-íseal ar fhuinneamh, codladh go leor, bhí a goile (appetite) chomh dona agus bhí casacht bheag uirthi.’

Mar sin féin, scríobh sí freisin go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal.

Scríobh sí: ‘Cúpla seachtain ina dhiaidh sin tá Saoirse as a leaba go luath chun dul ar scoil agus ag freastal ar laethanta iomlána ann, ag críochnú a hobair bhaile, agus ag glanadh a pláta arís.’

Dúirt sí: ‘Tá sí ag leanúint lena cóireáil agus ag glacadh go maith leis.’

In 2020, bhí Saoírse, a bhí ocht mbliana d’aois ag an am sin, le feiceáil ar an Late Late Toy Show agus roinn sí a scéal faoi mhaireachtáil le meall Osteosarcoma neamhchoitianta (rare Osteosarcoma tumour) ina tibia agus a cos a chailleadh mar gheall air.

Dúirt sí le Ryan Tubridy: ‘B’éigean dom mo chos a thógáil díom’, agus thaispeáin sí a cos phróistéiteach dó, a bhí maisithe le haonbheann (decorated with a unicorn).

Dúirt sí go raibh trí aisling aici: a bheith ar an Late Late Toy Show, a bheith ag siúl faoin Nollaig agus ag dul ar saoire teaghlaigh.

Sheas sí suas ansin agus shiúil sí timpeall an stiúideo, sular dúradh léi go gcuirfí í féin agus a teaghlach ar saoire go Disney.

Saoirse Ruane
Saoirse Ruane

Tháinig a máthair in éineacht le Saoírse ansin a d’inis don lucht féachana faoi bhailiú airgid Saoírse ar son carthanachta, chun cabhrú le leanaí eile atá tinn.

Spreag a scéal bunú an Late Late Toy Show Charity Appeal, atá tar éis €17.5 milliún a bhailiú do charthanachtaí a chabhraíonn le leanaí in Éirinn.

Mar sin féin, roinn an teaghlach Ruane ‘nuacht uafásach’ i mí Aibreáin na bliana seo caite go bhfuarthas meall (tumour)  eile.

Ainmníodh Saoírse ar dhuine de Mhuintir na Bliana na Gaillimhe i mbliana.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram