Cara ainmnithe i measc Mhná na Bliana … agus níl sí ach 13 bliana d’aois

07/10/2023

Tá Cara Darmody, an ‘autism campaigner’ sna déaga, ag obair ar son seirbhísí níos fearr do dhaoine faoi mhíchumas

Is í an feachtasóir uathachais (autism campaigner) Cara Darmody an bhean is óige le hainmniúchán Mná na Bliana a fháil.

Rinne an cailín, atá 13 bliana d’aois, scrúdú na hArdteistiméireachta Gnáthleibhéil i mí an Mheithimh mar chuid de chruinniú airgid chun airgead a bhailiú dóibh siúd atá faoi mhíchumas (disabled).

Tá uathachas (autism) ag deartháireacha Cara, Neil, 10, agus John, 5, agus tá siad neamhbhriathartha.

Anuraidh, rinne Cara scrúdú Mata an Teastais Shóisearaigh ar an gcúis chéanna, agus chuaigh sí céim eile ag déanamh na hArdteiste an samhradh seo.

I mí Lúnasa, in éineacht le breis is 60,000 mac léinn, fuair Cara a torthaí scrúduithe an lá céanna a raibh sí le tosú ar a céad lá sa Mheánscoil.

Fuair sí 97% sa scrúdú – an toradh céanna a fuair sí sa Teastas Sóisearach anuraidh.

Is iomaí cuairt a thug sí ar Theach Laighean agus bhí cruinnithe aici le polaiteoirí mar chuid dá feachtas.

Mar gheall air seo ainmníodh Cara do ghradam ‘Trailblazer of the Year’ sa dara eagrán de Ghradaim Mná na Bliana ag Goss.ie.

Ainmníodh ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Holly Cairns, an lúthchleasaí Sarah Lavin agus Linda Keating ón Marie Keating Foundation freisin.

Bhí an ócáid, a reáchtáladh in Óstán an Royal Marine i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh.

Agus í ag labhairt le Extra.ie roimh na gradaim, an tseachtain seo caite, bhí Cara an-sásta faoina hainmniúchán.

Dúirt sí: ‘Is ábhar brionglóide é bheith timpeallaithe ag cuid de na mná is iontach in Éirinn. Nílim ag smaoineamh ar an mbua a fháil fiú. Is é a bheith ainmnithe an mothúchán is mó ar domhan.

‘Léiríonn sé dom freisin go bhfuil m’fheachtas ar an mbóthar ceart, agus mar sin b’fhearr do na polaiteoirí dul i dtaithí ormsa a fheiceáil go lánaimseartha as seo amach.’

 Cara Darmody
Cara Darmody

Thug Mark, athair Cara, faoi deara gur chuir a iníon is sine ‘iontas’ ar an teaghlach agus ar a lucht tacaíochta arís.

‘Is í an t-aon leanbh nó déagóir a ainmníodh agus mar sin is mór an rud é,’ a dúirt Mark.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram