Gabhadh garda ag féachaint trí fhuinneog seomra feistis na mban (women’s changing room) i stáisiún na nGardaí agus tá pianbhreith príosúin sé mhí air.
I gcúirt dúiche na Gaillimhe, dúirt an Breitheamh Marie Keane go raibh pianbhreith coimeádta (custodial) cuí i gcás Mícheal Mannion, atá 41 bliain d’aois.
Ciontaíodh Mannion, fear pósta agus athair beirte, níos luaithe i mbliana as dhá chúiseamh as ciapadh (harassing) a dhéanamh ar bheirt chomhghleacaithe ban (female colleagues) i Stáisiún Garda an Chlocháin (Clifden), contrártha d’alt 10 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine.
Chuala an chúirt go raibh moladh ag an nGarda do Mannion cheana féin as a chuid oibre i réimse na gcionta gnéis (sexual offences).
Shéan sé (He denied) ciapadh a dhéanamh ar a sháirsint ar dhátaí idir 13 Lúnasa 2019 agus 13 Meán Fómhair 2019.
Shéan sé cúiseamh breise as ciapadh a dhéanamh ar chomhghleacaí eile den Gharda Síochána, i stáisiún Gardaí an Chlocháin ar dhátaí idir an 8 Lúnasa 2019 agus an 11 Samhain 2019.
Thaispeáin píosaí scannáin, a bhí sa chúirt roimhe seo, Mannion ag dreapadh ráille cruach lasmuigh, sé huaire, le breathnú isteach i seomra feistis na mban ag stáisiún Gardaí an Chlocháin.
Chuir duine de na híospartaigh síos ar iompar Mannion mar rud ‘callous agus devious’.
Tá Mannion, le seoladh sa Rinn Mhaoile, Co na Gaillimhe, ar fionraí ó cuireadh tús le himscrúdú na nGardaí.
Ag éisteacht pianbhreithe (sentencing hearing) i gcúirt dúiche na Gaillimhe, dúirt an Breitheamh Marie Keane: ‘Tá sé ráite agam cheana féin go raibh iompar Mannion leanúnach agus b’fhéidir “obsessive”.
‘Leanfaidh iarmhairtí (consequences) iompar an Uasail Mannion ar feadh tréimhse fada ama.’
Thug an breitheamh faoi deara go bhfuil an dá íospartach (victims) ag fáil cúnaimh agus gortaíodh iad lena n-áirítear tráma síceolaíoch agus caillteanas ioncaim.
Dúirt sí gur thagair an bheirt íospartach don tionchar a bhí ag iompar Mannion ar a dteaghlaigh agus dúirt sí go raibh na híospartaigh ‘in áit dorcha’.
Dúirt an Breitheamh gurbh é 12 mhí an phianbhreith uasta (maximum sentence) a bhí ar fáil agus ag cur san áireamh na tosca maolaithe (mitigating factors) go léir, slí bheatha neamhbhalbh Mannion go dtí seo, an seans go gcaillfear a phost agus an náiriú dá theaghlach agus dá muintir, sé mhí a bhí sa phianbhreith chuí.
Tar éis an phianbhreith sé mhí a thabhairt, socraíodh cúirtbhanna i gcás achomhairc agus fanann an garda saor go dtí go bhfaighfear toradh a achomhairc sa chúirt chuarda (circuit court).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.