Filleann Grá ar an Trá le Virgin Media oíche Dé Luain don dara clár.
Ar an seó beidh an láithreoir Gráinne Seoige, chomh maith leis na comhláithreoirí James Kavanagh agus Síomha Ní Ruairc i gceannas.
Agus deichniúr singil ag foghlaim a gcúpla focal agus iad ag lorg grá freisin.
Cónaíonn na hiomaitheoirí ar Grá ar an Trá, cuid acu ina gcainteoirí muiníneacha Gaeilge agus cuid eile ina bhfeabhsaithe, sa “Love Teach”, áit a mbíonn ceamaraí á scannánú 24 uair sa lá agus na singil ag iarraidh nasc rómánsach a aimsiú.
Oíche Dé Luain, beidh an chéad díothú ar siúl, le Gráinne ag socrú cé a fhanfaidh agus cé a rachaidh, bunaithe ar dhul chun cinn gach lánúin as Gaeilge.
Tá an obair bhaile le feiceáil agus le cloisteáil aici ó Andrew agus Michelle sa ‘hot tub’ agus míonna na bliana as Gaeilge le Femi agus Saoirse.
I rith na seachtaine a haon, tháinig Talia agus Zak isteach agus ar oíche Dé Luain, beidh an bheirt ag streachailt le cumarsáid a dhéanamh.
Agus tiocfaidh Vicky agus Caoimhlin ó Acadamh Rince Caulfield chuig an Love Teach freisin.
Beidh duais airgid de €10,000 le buachan.
Grá ar an Trá oíche Dé Luain ag 9pm ar Virgin Media One agus Virgin Media Player.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.