

Tá Gardaí tar éis vótáil le haghaidh obair de réir rialach (work to rule) a dhéanamh ar roinnt laethanta ina n-aighneas le Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris.
Ciallaíonn sé sin nach mbeidh siad ar fáil le haghaidh ragobair (overtime) ar laethanta áirithe, agus áirítear sna laethanta sin roinnt laethanta an-ghnóthach ar nós Oíche Shamhna agus Lá an Bhuiséid.
Rinneadh an vótáil Dé Céadaoin ag comhdháil speisialta toscairí de chuid Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (Garda Representative Association, GRA) i gCill Chainnigh.
De réir tuairisce in journal.ie, beidh de facto ‘work-to-rule’ ann toisc nach n-aontóidh siad ragobair a dhéanamh ar Lá an Bhuiséid, is é sin an 10 Deireadh Fómhair, agus oíche Oíche Shamhna an 31 Deireadh Fómhair – agus tá seanse ann go ndéanfaidh siad an rud céanna ar 3, 17, 24 Deireadh Fómhair.
Tá ainm curtha ar an gníomh atá faoi bhagairt cheana féin mar ‘An Drew Flu’.
Is tagairt í sin ar aighneas a bhí ag gardaí, ar a dtugtar an ‘Blue Flu’ i 1998, nuair a ghlaoigh gardaí isteach sa stáisiún agus dúirt siad go raibh siad tinn, rinne siad é sin in aighneas faoi phá agus faoi choinníollacha.
Bhí cruinniú ag an GRA le Drew Harris Dé Céadaoin ach mhaígh Ronan Slevin, Ard-Rúnaí an GRA go raibh ‘cuireadh coinbhleachta’ ag an gCoimisinéir le linn na gcruinnithe.

Tagann cruinnithe na seachtaine seo i ndiaidh vóta ollmhór neamhmhuiníne na seachtaine seo caite ag gnáth-gharda – le 98.7% den 85% ball a d’fhreastail ar an rún ag tacú leis an rún.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.