Tá éisteacht pharúil (parole hearing) faighte ag duine de mharfóirí James Bulger, Jon Venables, rud a chiallaíonn go bhféadfadh an marfóir leanaí a bheith amuigh ar na sráideanna i gceann míonna.
Bhí Venables, a bhí 10 mbliana d’aois ag an am, ar dhuine de bheirt bhuachaillí a dhúnmharaigh James Bulger, a bhí dhá bhliain d’aois i bhFeabhra 1993, tar éis dóibh an leanbh a thabhairt ó ionad siopadóireachta i Bootle, Merseyside i Sasana.
Fuarthas corp James Bulger tréigthe ar iarnród agus chuir an dúnmharú uafás ar dhaoine ar fud an domhain nuair a tharla sé 30 bliain ó shin.
Scaoileadh Venables, atá 40 bliain d’aois anois, agus tugadh aitheantas nua dó i 2001. Mar sin féin, cuireadh i bpríosún arís é in 2017 as a bheith i seilbh íomhánna de mhí-úsáid leanaí. Tá sé fós i bpríosún ó shin i leith.
In 2020, iarradh ar an mBord Parúil a chás a athbhreithniú nuair a tháinig sé chun bheith incháilithe (eligible), ach chinn an painéal nár cheart é a scaoileadh saor.
Bhí éisteacht parúil sceidealta aige i mí Dheireadh Fómhair 2022, ach cuireadh siar é. Beidh a éisteacht ar siúl anois ar an 14 agus 15 Samhain.
Dúirt urlabhraí de chuid an Bhoird Parúil: ‘Tá éisteacht ó bhéal liostaithe don athbhreithniú parúil ar Jon Venables agus tá sé le bheith ar siúl i mí na Samhna 2023.
‘Tá cinntí an Bhoird Parúil dírithe go hiomlán ar an mbaol a d’fhéadfadh príosúnach a léiriú don phobal dá scaoilfí saor é.
‘Déanfaidh painéal scrúdú cúramach ar raon ollmhór fianaise, lena n-áirítear sonraí faoin mbunchoireacht, agus aon fhianaise ar athrú iompair, chomh maith le fiosrú ar an dochar a rinneadh agus an tionchar a bhí ag an gcoir ar na híospartaigh.’
Dúirt Ralph Bulger, athair James roimhe seo go bhfuil sé ag iarraidh cur i láthair a dhéanamh ag éisteacht parúil Venables agus a mhíniú cén fáth ar cheart é a dhiúltú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.