Tá sé deimhnithe ag Stephen Donnelly go bhfuair sé amach faoin scannal ionchlannáin dhromlaigh (spinal implants) den chéad uair i mí Lúnasa – ach níor labhair sé leis an Taoiseach faoi go fóill, dar leis an Irish Independent.
Tháinig an nuacht is déanaí tar éis eolas ar na 19 gcás leanaí a bhí i gceist a fhoilsiú.
Dúradh go raibh ar othair filleadh suas le 33 uair ar an obrádlann tar éis aimhréití (complications) tromchúiseacha iar-mháinliachta (post-surgery).
Chosain an tAire Sláinte a láithreacht i Nua-Eabhrac freisin in ainneoin glaonna glóraí ón bhFreasúra air filleadh abhaile láithreach mar gheall ar an bpráinn a bhain leis an ngéarchéim maidir le hionchlannáin dhromlaigh.
Ina áit sin, bhí an tAire ag brath ar thuarascálacha agus ar athbhreithnithe a choimisiúnaigh sé ar an méid a tharla, a leathnaíodh chuig ospidéil eile.
Ach dúirt sé nach raibh aon chúis ar leith aige a chreidiúint go raibh oibríochtaí eile lasmuigh de Shráid an Teampaill a d’úsáid ionchlannáin neamhúdaraithe (unauthorised implants), ar a dtugtar ‘springs’ freisin.
Sa chás sin d’ardaigh baill foirne cliniciúla eile imní, agus éisteadh leo, a dúirt sé.
Dúirt an tUasal Donnelly go mbuailfeadh sé leis na teaghlaigh i gceist go luath.
Nuair a fiafraíodh de cad a bhí le rá aige do theaghlach an linbh a fuair bás mar thoradh ar rud a cuireadh isteach go míchuí ina corp, dúirt an tUasal Donnelly go raibh sé ‘croíbhriste’.
‘Mar athair triúr leanaí, mé féin, tuigim é seo. Tá sé “unspeakable”. Is briseadh croí agus tubaisteach é. Agus níor cheart go dtarlódh sé choíche,’ a dúirt an tUasal Donnelly.
‘Tá athbhreithniú iomlán ann anois,’ a dúirt sé.
Nuair a fiafraíodh de nár chóir dó a bheith ag eitilt abhaile láithreach mar atá an Fhreasúra ag éileamh, dúirt an tUasal Donnelly: ‘Tá mo dhíriú ar na leanaí agus ar na teaghlaigh. Agus sin an fáth gur aontaigh an príomhfheidhmeannach agus mé féin an t-athbhreithniú a leathnú.
‘Is é an fáth ar áitigh muid go bhfoilseofaí na tuarascálacha ina n-iomláine agus is é sin ár bhfócas iomlán faoi láthair.
‘Ar ndóigh, beidh am ann le haghaidh ceisteanna Dála mar ba cheart a bheith ag coiste sláinte an Oireachtais. Tá mé cinnte go bhféachfaimid air seo go mion (sa Roinn Sláinte) freisin.’
D’admhaigh sé nár thug sé foláireamh don Taoiseach.
‘Níl sé sin déanta agam. Phléigh an Tánaiste agus mé féin é inniu. Ach is í an cheist atá idir lámha ná na leanaí agus a dteaghlaigh. Agus tá an rud a chaithfidh tarlú ag tarlú anois.’
Dúirt sé: ‘Tá athbhreithniú nua ar bun, a bheidh ag tosú go luath faoin bPríomhoifigeach Cliniciúil. Tá an t-athbhreithniú sin leathnaithe anois chun gach seirbhís dromlaigh do leanaí ar fud an ghrúpa CHI a chuimsiú.’
Cuireadh in iúl don roinn úsáid na “springs” neamh-CE le cúpla seachtain anuas,’ a dúirt sé. ‘I mí Lúnasa, tugadh fógra ina leith sin.
‘Táthar tar éis dul i dteagmháil le CHI chun a chinntiú go bhfuil prótacail bhreise curtha i bhfeidhm, ionas nach n-úsáidtear ach trealamh leighis údaraithe.’
Dúirt sé: ‘D’ardaigh baill foirne eile imní agus éisteadh leo. Mar sin cuireadh stop leis an obráid seo. Stop an máinlia a bhí i gceist é sin a dhéanamh agus níl aon obráid á déanamh aige faoi láthair.
‘Mar sin ardaíodh ceisteanna agus ghníomhaigh CHI orthu láithreach,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.