Tá an t-amhránaí Roger Whittaker tar éis bháis in aois a 87 bliain

Bhí cáil ar Whittaker as amhráin mar Durham Town, New World in the Morning agus I don’t Believe in If Anymore

Tá an t-amhránaí is scríbhneoir amhrán Roger Whittaker tar éis bháis in aois a 87.

Rugadh é i Nairobi sa Chéinia (Kenya) i Márta 1936 do thuismitheoirí Sasanacha.

I measc na n-amhrán is fearr uaidh tá Durham Town, The Last Farewell, New World in the Morning, I Don’t Belief in If Anymore agus a leagan 1982 de Wind Beneath My Wings.

Roger Whittaker
Roger Whittaker

Dhíol sé beagnach 50 milliún taifead le linn gairme a thosaigh i 1962 nuair a bhí sé 26 bliain d’aois.

Thosaigh sé ag scríobh amhráin agus ag canadh i gclubanna tíre (folk clubs) na Breataine Bige agus é ag déanamh staidéir ar an zó-eolaíocht, bithcheimic agus bitheolaíocht mhuirí in Ollscoil Bangor.

Bhí a chéad dul chun cinn mór ag Whittaker nuair a iarradh air a bheith i láthair ar chlár Ulster Television dar teideal This and That.

Bhí cáil air as a scileanna feadaíl, a léirítear go hiontach sa phort Mexican Whistler a bhí ar bharr na gcairteacha i dtrí thír Eorpacha éagsúla.

Thug Durham Town (The Leavin’) ‘Top 20 hit’ dó sa Bhreatain i 1969. Chuir rath an amhráin iontas air.

Mar gheall gur rugadh é i Nairobi, d’fhág ceol oirthear na hAfraice marc air.

‘Le breis is 30 bliain ag canadh agus ag seinm fuaimeanna ceoil, bhí baint mhór ag an drumadóireacht iontach, agus na rithimí iontacha, ionfhabhtacha sin i ngach rud a scríobh agus a chan mé riamh,’ a dúirt sé.

Chuaigh Whittaker ar scor in 2012 agus tá a bhean chéile, Natalie, a phós sé beagnach 60 bliain ó shin i ndiaidh cúirtéireachta trí mhí, agus a gcúigear leanaí: Emily, Lauren, Jessica, Guy agus Alexander fós ag maireachtáil.


Faigh scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram