Fanfaidh Kenny mar bhainisteoir go dtí deireadh na bliana

Ainneoin bua amháin as gach cúigear i gcluichí cáilithe Euro 2024 go dtí seo ní bhainfidh an FAI Stephen Kenny óna ról mar bhainisteoir

Tá Stephen Kenny le fanacht mar bhainisteoir Phoblacht na hÉireann don chuid eile den bhliain, tá sé deimhnithe ag Príomhfheidhmeannach an FAI, Jonathan Hill, Déardaoin.

Tá bainisteoir fhoireann náisiúnta na bhfear faoi bhrú mór tar éis dóibh a gcluichí a chailleadh i gcoinne na Fraince agus na hÍsiltíre.

Stephen Kenny
Stephen Kenny

Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach bua amháin acu as na cúig chluiche cáilithe de chuid Euro 2024 go dtí seo.

Toisc nach dócha go gcáileoidh (qualify) na Boys in Green do chluichí ceannais an tsamhraidh seo chugainn, tá go leor plé ann faoi cé acu an mbeidh deireadh le réimeas trí bliana Kenny.

Nuair a fiafraíodh de ag preasagallamh ar an Déardaoin an raibh an FAI sásta Kenny a bhaint dá ról mar bhainisteoir roimh dheireadh an fheachtais cháilitheacha Euro 2024, d’fhreagair Hill ‘Níl’.

Nuair a fiafraíodh de cé acu an raibh bainisteoir na hÉireann fós i gceannas, d’fhreagair Hill: ‘Go deimhin, tá sé, agus [beidh sé i gceannas] ar an gcluiche ceannais cairdiúil in aghaidh na Nua-Shéalainne i mí na Samhna freisin.’

Cé gur féidir le hÉirinn cáiliú go matamaiticiúil do chluichí ceannais an tsamhraidh seo chugainn ach iad a bheith sa dá ghrúpa is fearr, tagann seans níos fearr – ach caol fós – cáiliú ó chóras na himeartha (play-offs system).

Teastaíonn roinnt torthaí eile d’Éirinn, áfach, le dul ar bhealach eile le go mbeidh siad in ann áit a bhaint amach sna cluichí eile i mí an Mhárta seo chugainn.

Jonathan Hill
Jonathan Hill

Nuair a fiafraíodh de cé acu an bhféadfadh Kenny fanacht mar bhainisteoir le haghaidh aon athimeartha féideartha, dúirt Hill go bhfeicfidh an cumann conas a rachaidh na cáilitheoirí i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna sula ndéanfar cinneadh.

Níl ach cúig bhua ag iarcheannaire Dhún Dealgan as a 25 chluiche iomaíoch i gceannas tar éis dó seilbh a ghlacadh ar an jab tar éis Mick McCarthy, roimh fheachtas Shraith na Náisiún in 2020.

Dúirt Hill freisin go mbeidh athbhreithniú cuimsitheach ar an bhfeachtas Euro 2024 ar siúl ag deireadh na bliana, cosúil leis an athbhreithniú ‘cruinn’ ar fheachtas Chorn Domhanda na mBan in Éirinn a foilsíodh an mhí seo caite agus a d’fhág gur éirigh Vera Pauw amach mar bhainisteoir ar fhoireann náisiúnta na mban.

KennyFEAT

Fillfidh Éire ar ghníomhaíocht iomaíoch an mhí seo chugainn sa bhaile in aghaidh an Ghréig ar an 13 Deireadh Fómhair agus turas go Giobráltar cúpla lá ina dhiaidh sin.

Tagann deireadh leis an bhfeachtas ansin i mí na Samhna nuair a bheidh turas deacair ar shiúl go dtí an Ísiltír roimh theacht ar ais go Baile Átha Cliath le haghaidh cluiche cairdiúil ag deireadh na bliana leis an Nua-Shéalainn.


Faigh scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram