Tá sé deimhnithe go mbeidh John Bishop agus Deidre O’Kane ar stáitse ag Féile Ghrinn 2023 i nGaillimh.
Ar siúl arís i nGaillimh thar dheireadh seachtaine Saoire Bainc Dheireadh Fómhair, cuirfear tús leis an bhféile Dé Máirt, 24 Deireadh Fómhair agus mairfidh sí go dtí Dé Luain, 30 Deireadh Fómhair.
Tar éis do lucht leanúna na hÉireann a bheith cráite gur chuir Bishop a chuid gigeanna i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste ar ceal i mí an Mhárta ar chúiseanna atruacha (compassionate), tá Bishop ag filleadh ar ár gcladach arís.
Tá stair láidir ag Bishop, duine dúchais ó Learpholl, le hÉirinn, tar éis dó a chlár faisnéise rathúil John Bishop's Ireland a eisiúint roimhe seo.
Beidh Bishop ag cuir seónna ar siúl ar feadh na seachtaine in The Black Box, Leisureland, agus Róisín Dubh.
Tar éis samhradh rathúil ag glacadh páirte i bhféilte ar nós Electric Picnic agus All Together Now, beidh Deirdre O’Kane ag an bhféile.
Ar na réaltaí Éireannacha eile a bheidh páirteach ann tá an réalta Father Ted, Ardal O’Hanlon, Kevin McAleer, Barry Murphy, Andrew Maxwell, David McSavage, Emma Doran agus Panti Bliss.
Más rud é nár leor sin, beidh an greannán Astrálach Jim Jefferies ag léiriú a sheó Give 'Em What They Want, chomh maith le seónna ó na greannáin idirnáisiúnta Omid Djalili, Rhys Darby, Reginald D Hunter agus Mama Na Obrotach.
Duine nach mbíonn cúthail le ábhair chonspóideacha cosúil le rialú gunna agus gnéas, tá sraith speisialta Netflix déanta ag Jefferies cheanna féin.
Tar éis di grá an náisiúin a bhuachan ar Dancing with the Stars níos luaithe sa bhliain, tabharfaidh Panti a seó If These Wigs Could Talk go Gaillimh.
Chun tuilleadh a fháil amach faoi Fhéile Ghrinn na Gaillimhe 2023, cliceáil anseo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.