Tá rabhadh báistí Stádas Buí eisithe ag Met Éireann do 13 chontae ó thráthnóna Déardaoin.
D’fhéadfadh go mbeadh gach contae i gCúige Mumhan chomh maith le Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fhailí agus Cill Mhantáin (Dublin, Carlow, Kildare, Kilkenny, Laois, Offaly and Wicklow) i mbaol tuilte (flooding) mar gheall ar bháisteach leanúnach.
D’fhéadfadh go n-éiróidh an bháisteach trom agus go mbeidh droch-infheictheacht (poor visibility) agus coinníollacha taistil deacra (difficult travelling conditions).
Tá an rabhadh aimsire i bhfeidhm ó 6pm Déardaoin agus mairfidh sé go dtí 6pm Dé hAoine.
D'fhan an aimsir tirim i bhformhór na gceantar ar fud na tíre oíche Dé Céadaoin ach bhí an drochaimsir ag tosú ag forbairt ó mhaidin Déardaoin, agus bhíothas ag súil le báisteach sa deisceart san iarnóin.
Scaipfidh ceathanna ó thuaidh tríd an tráthnóna agus d’fhéadfadh go n-éireoidh siad trom uaireanta.
Is féidir a bheith ag súil le tuilte láithreacha (spot flooding), go háirithe i gcodanna de Chúige Mumhan agus Laighean.
Idir 15 agus 18 céim Celsius a bheidh an teocht is airde, agus dúirt Met Éireann go bhfuil cúpla lá gan socrú don tír.
Níl sé cinnte fós cén chaoi a mbeidh an aimsir ag an deireadh seachtaine, cé go bhfuil an chuma ar an scéal go n-imeoidh chuid den bháisteach ar oíche Dé hAoine.
Tá sé ráite ag Met Éireann go mbeidh aon bháisteach a mbeidh fós ann ag dul i léig maidin Dé Sathairn.
‘I rith an tráthnóna beidh meascán de tréimhsí grianmhara agus ceathanna, is minicí san oirthear,’ a dúirt Met Éireann.
Ach dúirt siad freisin: ‘Is dócha go mbeidh an Domhnach scamallach agus fliuch le báisteach throm ag bogadh suas ón deisceart.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.