Cúisíodh pinsinéir mná as goid líomhnaithe (alleged theft) de níos mó ná €270,000 in íocaíochtaí sochair (benefit payments) tar éis cuardach le haghaidh Éireannach ‘a bhí 110 bliain d’aois’, dar leis an Irish Independent.
Cuireadh Margaret Bergin, as Fairfield House, Maighean Rátha (Mountrath), atá 69 bliain d’aois, ar aghaidh chun a trialach sa Chúirt Chuarda (Circuit Court) ar 10 gcúis goid líomhnaithe agus cúig de ‘larceny’ líomhnaithe.
Tharla an cás nuair a chuaigh taighdeoir amaitéarach i dteagmháil le hÁras an Uachtaráin le fiosrú faoi thaifid a léirigh go raibh fear 110 bliain d’aois ina chónaí i Laois.
Dúirt an Bleachtaire Garda Peter Crosbie leis an gcúirt gur thosaigh an cás leis an taighdeoir amaitéarach, a aithníonn na daoine is sine ar domhan. Fuair sé amach faoi duine a bhí ‘110 bliain d’aois’ i Laois.
‘Bheadh an fear seo an fear is sine in Éirinn,’ a dúirt sé leis an gcúirt. ‘Líomhaítear gur chinn an taighdeoir dul i dteagmháil leis an Áras mar go raibh amhras air,’ a mhínigh an Det Crosbie.
Bhí taifead ag an Áras ar fhear i Laois a rugadh é ar 2 Iúil 1911.
Chuaigh siad i dteagmháil ansin leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (Department of Social Protection), a thug cuairt ar Fairfield House, Maighean Rátha (Mountrath).
Agus é ag déanamh iarratais ar chúnamh dlíthiúil thar ceann a chliaint, dúirt an t-aturnae Philip Meagher leis an mBreitheamh Andrew Cody nach bhfuil aon choigilteas (savings) ag Bergin, atá cúisithe as na híocaíochtaí a éileamh thar ceann an fhir nach maireann idir 1993 agus 2022, agus go bhfuil sí ag fáil pinsean Stáit di féin.
Dúirt sé go bhfuil teach a chliaint i gcomhpháirt lena fear céile agus nach bhfuil ann ach teach agus ní feirm é.
Agus í gléasta le cardigan bándearg, pants dubha agus bróga bána, shuigh Ms Bergin ar chúl an tseomra cúirte le fear scothaosta agus duine níos óige sular tháinig sí chuig an seastán nuair a glaodh a cás.
Níor labhair sí fad is a bhí a cás á láimhseáil.
Dúirt an Sáirsint Garda JJ Kirby leis an mBreitheamh Cody gurbh é €271,046 an méid a líomhnaítear gur goideadh é.
D’athchuir an Breitheamh Cody Ms Bergin ar a banna féin de €100 agus chuir ar aghaidh í chun a trialach os comhair Chúirt Chuarda Phort Laoise an 24 Deireadh Fómhair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.