Ní ghlacfaidh Evan Ferguson páirt ar bith i gcluichí cáilithe Phoblacht na hÉireann do Euro 2024 in aghaidh na Fraince agus na hÍsiltíre an tseachtain seo.
Tá gortú glúine ag an tostóir de chuid Brighton tar éis an bua 3-1 ar Newcastle United Dé Sathairn.
Tá dhá chúl ag an imreoir as Baile an Bhiataigh (Bettystown) óna sé chluiche sa gheansaí glas go dtí seo, agus scóráil sé an ceann is déanaí i gcluiche deireanach na hÉireann in aghaidh Ghiobráltar i mí an Mheithimh.
Tháinig Ferguson isteach le haghaidh dualgas idirnáisiúnta ar Dé Domhnaigh ach tar éis measúnú ó fhoireann leighis na hÉireann, cuireadh as an áireamh é as an dá chluiche.
Fuair sé ‘hat-trick’ ar Dé Sathairn sular baineadh den chluiche é.
Is iad Adam Idah (Norwich City), Will Keane (Preston North End), Aaron Connolly (Hull City) agus Chiedozie Ogbene (Luton Town) na roghanna eile chun tosaigh i scuad Stephen Kenny do chluiche ar Déardaoin i gcoinne na Fraince, an fhoireann mór le rá a chaill in aghaidh na hAirgintíne sa cluiche ceannas i gCorn an Domhain.
Beidh Andrew Omobamidele ann mar chosantóir mar go bhfuil amhras faoi John Egan. Mar sin féin, thraenáil Egan leis an bhfoireann agus thaistil sé leis an scuad go Páras roimh chluiche oíche Déardaoin.
Beidh an cluiche be ó 7pm ar RTÉ2 agus an RTÉ Player.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.