Gabhadh fear, atá 42 bliain d’aois, tar éis ionsaí ‘headbutt’ líomhnaithe (alleged) ar Roy Keane ag Staidiam Emirates Arsenal.
Postáladh píosaí scannáin ar na meáin shóisialta de thráchtaire (commentator) eile de chuid Sky Sports, Micah Richards, ag cuir fear i gcoinne balla tar éis an ionsaí líomhnaithe (alleged) Dé Domhnaigh.
Dhiúltaigh na póilíní i Londain aon duine a bhí bainteach leis an eachtra a aithint, ach d’eisigh siad ráiteas a dúirt: ‘Tá na póilíní ag fiosrú eachtra ag Staidiam Emirates Dé Domhnaigh, 3 Meán Fómhair, inar ionsaíodh fear’.
Léirigh ráiteas ó Sky tar éis an chluiche go raibh na póilíní ag fiosrú an ionsaí líomhnaithe.
‘Tuigimid go bhfuil na póilíní ag fiosrú ionsaí líomhnaithe a rinne ball den phobal díreach roimh an scannán a scaiptear ar na meáin shóisialta.
'Sa scannán a chonacthas, bhí Micah Richards ag gníomhú chun cás a mhaolú.'
Bhí Keane ag obair le haghaidh Sky Sports ag an am.
Thug an fear aghaidh ar iar-chaptaen Manchester United, atá 52 bliain d'aois, nuair a bhí sé ag fanacht le hardaitheoir (lift) chun é a thabhairt síos chun páirce.
Líomhnaítear gur dhírigh an fear ‘headbutt’ ar Keane agus bhuail sé an fear ó Chorcaí ar a bhrollach agus ar a smig, ach cuireadh cosc air ó dhamáiste coirp a dhéanamh.
Léirigh píosaí scannáin a scaipeadh ar na meáin shóisialta Richards ag dul i ngleic leis an bhfear chun é a shrianadh.
Mar sin féin, d'fhág an fear an áit sular tháinig na gardaí slándála.
Sa deireadh tugadh Keane, a raibh caidreamh uafásach aige le Arsenal le linn a shaol imeartha, síos go dtí an pháirc áit ar lean sé leis ag craoladh.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.