Beidh ar níos mó ná milliún custaiméir VHI ardú mór praghais a íoc ar árachas sláinte – agus cosnóidh sé na céadta euro sa bhreis ar theaghlaigh gach bliain.
Ardóidh táillí 7% ar an meán ón gcéad lá den mhí seo chugainn – agus is é sin suas le €550 sa bhliain do theaghlach de bheirt daoine fásta agus beirt leanaí, má dhéanann siad a bplean a athnuachan.
Tá VHI ar an tríú ceann de na trí sholáthraí árachais sláinte in Éirinn a ardaíonn praghsanna – tar éis Laya agus Irish Life.
Chuir VHI an milleán ar mhéadú ar chóireálacha neamhéigeandála a cuireadh siar le linn Covid.
Is é an dara méadú atá ag VHI i mbliana. Tháinig ardú 4.8% i mí an Mhárta, tar éis titim 3% in 2022 mar ní raibh mórán costais le linn Covid.
Dúirt stiúrthóir bainistíochta VHI, Aaron Keogh: ‘Tuigeann muid na brúnna airgeadais atá ar go leor dár mbaill.
‘Mar sin féin, tá an t-ardú praghais riachtanach chun a chinntiú go leanfaimid ag freastal ar riachtanais chúram sláinte na mball.
‘Bhí tionchar suntasach ag an bpaindéim ar sheachadadh cúram sláinte … ach tá téarnamh láidir feicthe againn i líon na gcomhaltaí a fuair cúram sláinte riachtanacha i rith 2023.’
Chomh maith leis an ardú ar éilimh (claims), tá ‘méadú suntasach’ ar chostais, rud a chuir VHI an milleán ar arduithe pá, boilsciú cúram sláinte ar fud an domhain, agus arduithe i bpraghsanna fuinnimh.
Dúirt an tUasal Keogh freisin: ‘Tá an t-ardú praghais seo riachtanach chun a chinntiú go leanfaimid ag freastal ar riachtanais chúram sláinte ár gcustaiméirí.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.