Ní bheidh gardaí armtha ar choirnéil sráide, a deir Aire McEntee

Déanann an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee iarracht imní a mhaolú tar éis an fhógra go mbeadh gardaí armtha i mBaile Átha Cliath

Dúirt sí nach mbeidh oifigigh armtha ‘ina seasamh ar choirnéal ár sráideanna’.

Labhair an tAire tar éis fógraíocht go mbeidh roinnt aonaid speisialtóra i bhfeidhm sa chathair lena n-áirítear Aonad Aer, an tAonad Capall agus an tAonad Madraí.

Garda armtha
Garda armtha

Leo sin beidh an tAonad Tacaíochta faoi Airm i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath (Regional Armed Response Unit) agus Aonaid Póilíneachta Bóthair (Road Policing units) gnóthach.

D’fhógair Angela Willis, Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána do Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath sonraí na straitéise póilíneachta.

Mar sin féin, chuir roinnt ionadaithe poiblí a n-imní faoin bhforbairt a in iúl cheana féin.

Bhí an fógra cáinte ag TD de chuid an Rialtais, Patrick Costello ón gComhaontas Glas. Dúirt sé go bhfuil cuid de na bearta nua ‘díréireach agus dian (disproportionate and draconian)’.

Dúirt an tUasal Costello, atá ina urlabhraí ceartais don pháirtí, nach bhfuil imscaradh (deployment) aonad madraí, póilíní círéibe agus aonaid armtha sa chathair feiliúnach.

Garda 2 768x448 1

D’impigh sé ar Choimisinéir an Gharda, Drew Harris, teacht ar phlean nua. Dúirt sé gurb é an réiteach ar an bhforéigean ná níos mó gardaí ar na sráideanna, ná níos mó aonad freagartha armtha.

Agus anois tá an tAire McEntee ag rá: ‘Tá sé seo faoi níos mó infheictheachta (visibility). Baineann sé le coireacht a chosc.

‘Mar sin ní bheidh againn – agus caithfidh mé é seo a chur i bhfios go láidir – ní bheidh gardaí armtha againn ag seasamh ar ár gcoirnéil le clogaid (helmets) agus batairí agus sciatha (shields).’

Dúirt sí freisin: ‘Tá Operation Citizen, atá i bhfeidhm le thart ar dhá bhliain anois, faoi phatróil ard-infheictheachta ar fud lár na cathrach.

‘Agus thug Aonaid Tacaíochta Armtha an tacaíocht don oibríocht sin i gcónaí.

Drew Harris
Drew Harris

‘Is é an rud atá á chur san áireamh anois ná an tAonad Ord Poiblí, ach ní bheidh clogaid, batairí, sciatha acu – is éadaí simplí nó gnáth-éadaí an Gharda Síochána a bheidh acu.

‘Agus tá siad ann chun cabhrú leis na patróil coise, go háirithe san oíche, maidir leis an ngeilleagar oíche, le níos mó daoine amuigh faoin aer, ní ag an deireadh seachtaine amháin.’

Dúirt sí gur bhain a plean le ‘ard-infheictheacht’ chun úinéirí gnó agus daoine amuigh ansin sa chathair a chur ar a suaimhneas.

‘Níl sé ann chun eagla a chur ar dhaoine – ní mór an suaimhneas sin a bheith agat,’ a dúirt an tAire.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram