Fágadh ómós bláthanna ag Claycastle Beach in Eochaill (Youghal), Co. Chorcaí, tar éis an rás, in ómós do Ivan Chittenden, as Toronto i gCeanada, agus an t-Éireannach Brendan Wall, a fuair bás ann Dé Domhnaigh.
Mar sin féin, bhí fearg ag dul i méid freisin ina measc siúd a ghlac páirt mar gheall ar an mbaol.
Is as Baile Shláine (Slane), Co. na Mí ó dhúchas an tUasal Wall, ach bhí sé ina chónaí sa Bhreatain le blianta fada.
I bhfógra báis, dúirt a mhuintir go bhfuil aiféala mór ar a bhean, Tina, a thuismitheoirí, Oliver agus Gertrude, agus a bheirt deartháireacha agus deirfiúr, Maria, a bhfuil cónaí orthu in Eochaill.
Beidh a shochraid ar siúl Déardaoin ag 1pm i Séipéal Naomh Bríd, Gráinseach na Gaoithe (Grangegeeth).
Chríochnaigh an tUasal Chittenden, a thaistil óna bhaile i Toronto, go leor triathlon agus maratón ar fud an domhain.
Bhí sé san iomaíocht le déanaí sa Boston Marathon agus é ag bailiú airgid don Chrois Dhearg.
Mar sin féin, tá leibhéal na frustrachais chomh mór sin, gur phostáil lúthchleasaí fireann físeán ag taispeáint é féin ag caitheamh a léine rannpháirtíochta agus a bhonn (medal) isteach sa bhosca bruscair.
Dúirt sé: ‘Seo mo bharúil ar Ironman Ireland agus ar na heachtraí uafásacha in Eochaill inniu.’
Dúirt rannpháirtí eile, Keith O’Sullivan, go raibh aiféala air san iomaíocht mar gur chuimhin leis duine de na híospartaigh a fheiceáil ina luí ar an ché.
Dúirt sé le Newstalk: ‘Agus muid ag dul isteach san uisce, bhí na tonnta deich nó 15 troigh ar airde agus bhí muid ag dul ar gcúl sna carraigeacha.
‘Agus muid ag teacht tríd an “slipway” chonaic mé an fear ina luí marbh ar an gcé, go mbeannaí Dia é.
‘Ag dul amach ar an gcúrsa rothar, bhí sé sin i mo cheann an t-am ar fad. Ba cheart go mbeadh mo rothar páirceáilte agam agus ba cheart dom a rá: “Níl mé á dhéanamh seo”.
‘Tá mé thíos anseo [in Eochaill] ó Dé hAoine agus chonaic mé chomh buailte agus a bhí an ceantar le tonnta deich nó 15 troigh ar airde agus séideáin 100km.
‘Níor cheart d’aon duine a bheith san uisce inné leo féin. Sílim go ndearna Ironman botún tromchúiseach ag lig dó dul ar aghaidh.’
Tá sé ráite ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí imscrúdú iomlán i gcrích.
Ag labhairt dó i gCorcaigh, rinne sé cur síos ar an ócáid mar ‘tragóid uafásach’, ag cur leis: ‘Tá mo chroí ag dul amach chuig teaghlaigh na ndaoine a chaill a saol go tragóideach.’
Dúirt an tUasal McGrath gur gá ceisteanna a ‘fhreagairt go cuimsitheach’ maidir leis na básanna.
Dúirt Triathlon Ireland: ‘Ós rud é go bhfuil imscrúdú ar bun, ag an bpointe seo ní bheadh sé cuí dúinn aon trácht eile a dhéanamh ach a rá go gcuirfidh Triathlon Ireland aon chúnamh a theastaíonn ó na húdaráis ar fáil.
‘Ar deireadh, déanaimid ár gcomhbhrón ó chroí a athlua le teaghlaigh Ivan Chittenden agus Brendan Wall.
‘Tá Triathlon Ireland “reeling” mar gheall ar an nuacht go bhfuair Ivan Chittenden agus Brendan Wall bás tragóideach agus iad ag glacadh páirte sa rás.
‘Tá ár gcuid smaointe agus paidreacha le muintir Ivan agus Brendan.
‘Is pobal an-dlúth é an pobal trí-atlan agus tá tionchar uafásach ag an gcaillteanas seo orainn go léir.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.