Thar thréimhse seachtó bliain, chuir rí na teilifíse comhrá, Michael Parkinson agallamh ar go leor de na daoine is suntasaí ar domhan.
Ina measc tá réaltaí Hollywood, ceoltóirí a bhuaigh Grammy, lúthchleasaithe Oilimpeacha, agus polaiteoirí.
Mar sin féin, is mó cáil air as a shraith agallamh le Muhammad Ali.
Bhí siad dian go leor do Parkinson … agus an-, an-greannmhar. Agus mar a dúirt Michael féin. Ba é Ali an ‘fear ba shuntasaí ar bhuail mé leis riamh’.
Dúirt sé: ‘Chuir mé agallamh air ceithre huaire.’ Agus chuir sé leis sin: ‘Chaill mé ar gach ócáid.’
FÉACH AR PARKINSON AG CUIR SIÍOS AR NA hAGALLAIMH IONTAIS SIN LE ALI AGUS NA BUAICPHIONTÍ ANSEO
Chuir sé agallamh freisin ar an aisteoir Hollywood, Meg Ryan, a bhí le feiceáil i gceann de na hagallaimh ba choitianta a rinne sé.
Bhí sí ar an clár chun an scannán ‘erotic’, In the Cut, a chur chun cinn. Ach níor éirigh go maith leis.
Tar éis do Parkinson a a thaispeáint nach raibh sé sásta lei mar bhí an chuma uirthi nach raibh sí ag iarraidh labhairt leis, d’iarr Meg air an comhrá a ghearradh.
Ghabh Michael leithscéal le Meg in 2021, ag rá: ‘Ba mhian liom go ndéileálfainn leis ar bhealach níos cúirtéiseach.
‘Is léir go raibh fearg orm léi agus ní hé mo ghnó a bheith feargach leis na haíonna. Tháinig mé trasna air mar rud “pompous” agus d’fhéadfainn a bheith níos fearr.’
Tá cáil ar an agallamh toisc go dtugann Meg freagraí gearra aonfhocail. Ach mar atá le fheiceáil anseo, is cosúil go raibh sí beagán faoi strus agus rinne sí iarracht na ceisteanna a fhreagairt. Mar sin b’fhéidir go bhfuil an cáineadh a rinneadh uirthi éagórach.
FÉACH AR AGALLAMH CÁILIÚIL PARKINSON LE MEG RYAN ANSEO
Bhí Billy Connolly, Elton John, Helen Mirren agus Madonna i measc daoine cáiliúla eile a chuir sé faoi agallamh freisin.
Tháinig cáil ar chuid dá agallaimh eile ar na cúiseanna míchearta freisin, mar a agallamh conspóideach i 1975 le Helen Mirren.
Chuir Michael ceist chonspóideach ar an aisteoir an raibh ‘bac’ ag a tréithe fisiceacha ar a gairm bheatha. Go deimhin thug sé ‘equipment’ ar na tréithe fisiceacha sin.
Ach bhí Helen go maith in ann dó.
D’fhreagair sí go neamhbhalbh, ag rá: ‘Toisc nach féidir le h aisteoirí baineann tromchúisí cíocha (bosoms) móra a bheith acu, an é sin atá i gceist agat?’
Chuir Michael agallamh ar bheagnach 2,000 duine cáiliúil thar thréimhse a ghairm bheatha.
Ag Labhair dó faoi seóanna cáinte uair amháin dúirt sé go léiríonn siad ‘gníomh mínádúrtha idir daoine fásta toilteanacha (consenting adults) go poiblí’.
Bhí sé ina chara freisin le rí na gclár comhrá in Éirinn féin, Gay Byrne, mar d’oibrigh an bheirt acu le chéile ar theilifís Granada ar feadh tamaill bhig.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.