Tá coláistí ag déileáil leis an mbagairt atá ag caimiléirí AI (AI cheats) agus seans go mbeidh níos mó scrúduithe béal ag mic léinn tríú leibhéal mar gheall air sin.
Tá coláistí agus ollscoileanna buartha faoi chaighdeáin acadúla mar gheall ar mhic léinn a úsáideann ardáin intleachta saorga (artificial intelligence platforms) ar nós ChatGPT.
Táthar tar éis a chur chun cinn freisin in ollscoil amháin go bhféadfaí úsáid níos mó a bhaint as scrúduithe scríofa pearsanta arís agus níos lú a bheith ag brath ar mheasúnú leanúnach (continuous assessment).
De réir mar a thosóidh an bhliain acadúil nua freisin, tá cineálacha eile cur chuige measúnaithe (assessment) á mbreithniú ar fud an ardoideachais agus í ag cur lena fhreagairt don dúshlán AI.
Áiríonn siad fócas níos mó ar scrúduithe béal idirghníomhacha (interactive), a cheadaíonn comhrá a dhéanamh le scoláirí faoi na tascanna a chuir siad isteach agus a dhéanann tástáil bhreise ar eolas an scoláire.
Tá measúnuithe den sórt sin in úsáid cheana féin in Éirinn agus go hidirnáisiúnta chun cásanna de mhí-iompar acadúil a laghdú.
Úsáideann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) béaltrialacha idirghníomhacha cheana féin, ach dúirt Déan na Nuálaíochta Foghlama Straitéisí (Dean of Strategic Learning Innovation), an tOllamh Blánaid White, gur dócha go n-éireoidh an cleachtas níos forleithne.
‘Níl aon bhealach gur féidir le AI dul timpeall air sin,’ a dúirt sí.
Tá Ollscoil na Gaillimhe ag fiosrú sárchleachtas maidir le scrúduthe béal idirghníomhacha mar chineál measúnaithe.
Tá polasaí ag Ollscoil Mhá Nuad trína bhféadfar gach measúnú a dheimhniú tuilleadh trí scrúdú béil.
Tá bearta eile á n-úsáid ag ollscoileanna freisin, lena n-áirítear bogearraí (software) a d’fhéadfadh téacs nó íomhánna ríomhghinte (computer-generated) a bhrath, agus oifigigh sláine acadúil (academic integrity officers) a cheapadh.
Tá maoirseacht á déanamh ag an gcomhlacht faire um chaighdeáin ardoideachais, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (Quality and Qualifications Ireland, QQI), agus a National Academic Integrity Network (NAIN) ar bhearta chun cáilíocht a chinntiú.
Tá ocht dtionscadal taighde bunaithe ar AI maoinithe ag an QQI, lena n-áirítear ceann ar mheasúnuithe idirghníomhacha béil.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.