Beidh Living With Lucy ag teacht ar ais ar ár scáileáin teilifíse go luath – agus tá na réaltaí nua don seó fógartha.
Tá Lucy Kennedy mar óstach ag an seó móréilimh de chuid Virgin Media, ag bogadh isteach i dtithe daoine cáiliúla éagsúla.
Agus mar a dhéanann sí sin, briseann sí síos na bacainní idir na réaltaí sin agus an pobal, agus fiosraíonn sí a saol ó lá go lá.
Agus an séasúr is déanaí ag druidim inár dtreo, tá an chéad liosta eile d’aíonna tí cáiliúla Lucy ar fáil.
Ag labhairt di le Goss.ie, dúirt an láithreoir go mbeidh sí ag bogadh isteach i dteach an iar-mainicín Katie Price don séasúr nua.
Tá sé tugtha le fios ag an Irish Independent ó shin go mbeidh láithreoir spóirt RTÉ Des Cahill, réalta Coronation Street Simon Gregson, Charlotte Crosby ó Geordie Shore, an fear grinn Andrew Maxwell, agus an t-iarpheileadóir atá anois ina anailísí sacair Richard Sadlier le feiceáil ar an gclár freisin.
Ag labhairt di roimh an bhfógra, dúirt Lucy: ‘Tá Katie Price deimhnithe. Bhí mé ceaptha a bheith i mo chónaí le Katie anuraidh, ach ansin tháinig scannánú eile ar an mbealach, agus mar sin bhí orainn moill a chur ar Katie. Níorbh fhéidir linn ár ndátaí a eagrú i gceart.
‘Mar sin, beidh mé i mo chónaí le Katie Price agus tá go leor ainmneacha craiceáilte sa mheascán. Ar ndóigh, déanaimid iarracht cineálacha éagsúla a fháil don seó.
‘Bíonn plean againn, mar sin, duine éigin i gcúrsaí siamsaíochta, polaiteoir … réalta réaltachta. Déanaimid iarracht tic a chur i ngach bosca, agus sea, is seó iontach é.’
Craolfar an tsraith nua Living With Lucy ar Virgin Media an fómhar seo.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.