Tá Donald Trump agus 18 duine eile lena n-áirítear Rudy Giuliani cúisithe as ‘fiontar coiriúil (criminal enterprise)’ mar gheall ar líomhaintí go ndearna siad iarracht stop a chur le Joe Biden a bheith ina uachtarán tar éis dó a bheith tofa.
Cúisíodh iad in Atlanta i stát Georgia ag ardghiúiré (grand jury)faoi dhlíthe a úsáidtear de ghnáth i gcoinne an Mafia.
Is dúshlán gan fasach (unprecedented) é an díotáil (indictment) ar mhí-iompar uachtaránachta ag ionchúisitheoir (prosecutor) áitiúil.
Agus cuireann sé cúisimh i gcoinne roinnt dá chomhairleoirí is suntasaí. Mar aon le Giuliani áirítear leo Mark Meadows, a bhí ina cheannaire foirne (chief of staff) sa Teach Bán do Trump.
Baineann cúiseamh amháin i gcoinne Giuliani le ráitis bhréagacha do reachtóirí (legislators), lena n-áirítear dearbhuithe gur bhain oifigigh an Pháirtí Dhaonlathaigh (Democratic Party) úsáid as brise príomhphíobáin uisce oíche an toghcháin mar leithscéal chun duine a chur as limistéar comhairimh vóta in Atlanta.
Leanann lucht tacaíochta Trump ar aghaidh leis an líomhain seo a chur.
Díríonn cúiseamh amháin ar líomhaintí faoi chiapadh (harassment) ar oibrí toghcháin i gContae Fulton, Ruby Freeman.
Is bean Afracach Meiriceánach í, ina 60idí, a cúisíodh go bréagach ag Trump agus daoine eile as coireanna toghcháin (election crimes) a dhéanamh.
Déanann an díotáil seo iar-uachtarán na Stát Aontaithe ina chosantóir coiriúil i gceathrú cás, agus é i mbun feachtais chun an uachtaránacht a ghlacadh arís.
Tá 19 cosantóir cúisithe ag ionchúisitheoirí in oifig an ionchúisitheoir dúiche (district attorney) i gcontae Fulton, Fani Willis, lena n-áirítear dlíodóirí toghcháin Sidney Powell, Jenna Ellis agus Kenneth Chesebro.
Is mór an chontúirt dhlíthiúil iad na cúisimh seo do Trump, ós rud é go dtagann na cúisimh ar leibhéal an stáit agus nach mbeadh sé in ann aon chiontuithe a d’fhéadfadh a bheith ann a chealú trí bhearta ar nós féin-mhaithiúnas (self-pardon) nó trí ard-aighne báúil a cheapadh dá dá mbeadh sé ina uachtarán in 2024.
Le míonna beaga anuas, d’aithin oifig an ionchúisitheoir dúiche go leor sáruithe ar dhlí olltoghcháin ag oibrithe Trump agus Poblachtánacha agus iad ag iarraidh toghchán 2020 a threascairt, ó bhrú a chur ar oifigigh stáit go dtí sclátaí (slates) toghthóirí falsa a eagrú le meaisíní vótála.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.