Ba bhronntanas é bás mo thuismitheoirí, a deir réalta Derry Girls

15/08/2023

Míníonn Siobhán McSweeney, an t-aisteoir a bhí i ról Sister Michael in Derry Girls, mar a thug sí aire dá máthair agus dá hathair

Deir réalta Derry Girls Siobhán McSweeney gurbh é bás a tuismitheoirí an ‘bronntanas is fearr’ a thug siad di.

Tá aithne ar an aisteoir mar gheall ar a ról mar Sister Michael ar an gclár grinn Channel 4.

Bhí róil aici freisin i Holding, Extraordinary agus Redemption.

Siobhán i Derry Girls
Siobhán i Derry Girls

Fuair athair Siobhán bás go tragóideach le linn scannánú an dara séasúr de Derry Girls, agus fuair a máthair bás i 2005 tar éis do Siobhán céim a bhaint amach ón gcoláiste.

Bhí sí ag labhairt ar phodchraoladh Kathy Burke Where There’s A Will, There’s A Wake.

Agus labhair an t-aisteoir as Corcaigh faoin tionchar a bhí ag bás a beirt tuismitheoirí ar a slí bheatha.

Dúirt sí: ‘Ar ndóigh ba bhreá liom Mam agus Daid a fheiceáil arís, mar ba mhian liom iad a bheith ann ag na Baftas.

Ní hamhlaidh go bhféadfaidís a rá, “Nach bhfuil tú go hiontach?”, ach ionas go bhféadfadh siad a rá, “Tá mé ceart go leor. Tá mé ceart go leor”.

Siobhán leis an Bafta
Siobhán leis an Bafta

Mhínigh sí cad a bhí i gceist aici leis sin: ‘Níl a fhios agam ar cheart dom é seo a rá, ach tar éis do m’athair bás a fháil, bhí m’athair tinn ar feadh i bhfad, agus bhí mé “high”.

‘Bhí mé “manic” ar feadh trí mhí tar éis dó bás a fháil.

‘Agus tar éis é sin bhí an racht seo smaointe agus ceapacha agus pleananna agam.

‘Agus thosaigh mé ag scríobh agus bhí smaoineamh agam chuige seo, agus bhí smaoineamh agam air sin, agus theastaigh uaim dul chuige seo.

‘Bhí sé mar a bhí damba briste (a dam burst). Agus sílim gurbh é an bronntanas ab fhearr a thug mo thuismitheoirí dom ná an bás.’

Dúirt an t-aisteoir, atá 43 bliain d’aois, freisin gur chabhraigh a mbás léi ‘fás aníos’ ar deireadh agus leanúint lena bealaí cruthaitheacha.

Mhínigh sí: ‘Thug mé aire do mo Dhaid agus thug mé aire do Mam chomh mór agus a d’fhéadfainn.

sister michael
Mar Sister Michael

‘Is mór an onóir é agus is mór an phribhléid é a bheith in ann aire a thabhairt do do thuismitheoirí – is fíorphribhléid é agus is rud álainn é.

‘Is cuimhin liom go sonrach an lá ar thug Daid cead dom aire a thabhairt dó.

‘Agus bhí sé chomh cineálta leis ligean dom é sin a dhéanamh. Gan a bheith buartha faoi sin a thuilleadh agus mothú cosúil le, sea, bhí mé ar aon intinn leo, tá sé sin ceart go leor.

‘Ach anois tá sé seo agam. Tá níos mó ná leath m’inchinn ar ais agam.’

Dúirt Siobhán freisin go bhfuil sí den tuairim anois gur aisteoir níos fearr í toisc nach bhfuil sí buartha faoi cad a cheapann daoine eile faoina cuid oibre.

Dúirt sí: ‘Bíonn tú ag smaoineamh i gcónaí, ó, ach má dhéanaim é sin, cad a cheapann siad?

‘Mar sin tugann sé saoirse den sórt sin duit.

‘I mo thuairimse, mar thoradh air sin is aisteoir níos fearr mé.

‘Le bheith in ann gníomhú, ní mór duit a bheith ar do shuaimhneas go hiomlán. ‘


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram