Baineadh an Prionsa Harry agus a bhean Meghan Markle as a gcuid teidil ‘HRH’ ar shuíomh Gréasáin theaghlach ríoga na Breataine.
Tharla sé seo trí bliana tar éis dóibh éirí as mar chomhaltaí den teaghlach Ríoga.
Rinneadh iad a bhogadh go feiceálach síos an liosta ionas go mbeidh a gcuid beathaisnéisí ar líne le feiceáil anois faoi bhun na mball nach bhfuil mórán aithne orthu de ríoga na Breataine, an Banphrionsa Alexandra agus an Prionsa Edward.
Níl ach próifíl an Phrionsa Andrew náireach ina shuí faoina bhun.
Dúirt saineolaí ríoga gur comhartha soiléir é se oar an t-aistriú go raibh an mhonarcacht ‘á scaradh’ ó Harry agus Meghan tar éis sraith coimhlintí idir an lánúin agus an teaghlach ríoga.
Agus tagann sé go luath tar éis deireadh a chur le comhaontú €21 milliún na lánúine le Spotify.
Dúirt an t-údar Ríoga Richard Fitzwilliams: ‘Léiríonn sé seo go soiléir go bhfuil an teaghlach ríoga ag scaradh óna lánúin.’
Dúirt sé go bhfeiceann an teaghlach ríoga anois go bhfuil Harry agus Meghan “dothuartha agus neamhiontaofa (unpredictable agus unreliable)’.
Maidir le Harry, 38, agus Meghan, 42, dúirt an tUasal Fitzwilliams: “Tá nasc dlúth idir a mbranda agus a bheith ríoga faoi láthair.
‘Is é an dúshlán atá rompu ná a chruthú go bhfuil siad cruthaitheach ag déanamh rud éigin dóibh féin.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.