‘Ábhar mór imní’, tar éis faisnéis a bheith foilsithe faoin PSNI trí thimpiste

Tá fiosrúchán práinneach iarrtha ag an Police Federation faoin sárú ar shlándáil an PSNI

Tá leithscéal gafa ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (Police Service of Northern Ireland, PSNI) tar éis d’eolas a bheith foilsithe faoi oifigigh agus foireann uile an fhórsa mar gheall ar shárú sonraí.

Dúirt Príomhchonstábla Cúnta an PSNI, Chris Todd, gur trí thimpiste gur foilsíodh sloinne, túslitir, céim nó grád, suíomh agus ranna na n-oifigeach reatha go léir mar fhreagra ar iarratas um Shaoráil Faisnéise (Freedom of Information, FOI).

Dúirt Rúnaí an Tuaiscirt: ‘Tá an-imní orm faoin sárú sonraí a bhain leis an PSNI.

Chris Todd
Chris Todd

‘Tá m’oifigigh i ndlúth-theagmháil le hoifigigh shinsearacha agus tá siad ag coinneáil suas chun dáta mé.’

D’iarr an Police Federation de Thuaisceart Éireann ‘fiosrúchán práinneach’ faoi an sárú ag rá go raibh díomá agus fearg orthu faoin méid a tharla.

Dúirt cathaoirleach an Federation Liam Kelly: ‘Is sárú é seo ar eolas suntasacha. Fiú dá ndéanfaí é trí thimpiste, léiríonn sé sárú sonraí agus slándála nár cheart riamh a bheith ann.’

Dúirt an tUasal Todd: ‘Maidir le slándáil do dhaoine aonair, níl aon rud ann faoi láthair a thabharfadh le tuiscint go bhfuil aon imní slándála láithreach ann, ach tá bearta curtha i bhfeidhm againn chun a chinntiú má thagann aon rud chun cinn go mbeimid ar an eolas faoi sin, agus ansin is féidir leo a mhaolú dá réir.

PSNI
PSNI

‘Is earráid dhaonna í seo. Táimid tar éis breathnú ar cad a tharla, leanfaimid lenár n-imscrúdú, ach is é an rud atá le feiceáil faoi láthair ná gur earráid dhaonna shimplí é seo agus gur ghníomhaigh na daoine a bhí páirteach sa phróiseas le meon macánta.

‘Is é an rud a tharla ná go raibh iarratas um Shaoráil Faisnéise faighte againn, is fiosrúchán gnáthaimh é sin, níl fadhb ar bith le sin.

‘Tá freagra tugtha againn ar an iarratas sin, a bhí ag iarraidh tuiscint a fháil ar líon iomlán na n-oifigeach agus na mball foirne ag gach céim agus grád ar fud na heagraíochta, agus sa fhreagra, ar an drochuair, tá na sonraí seolta ag duine dár gcomhghleacaithe.’

Labhair an tUasal Todd faoin bhagairt sceimhlitheoireachta atá roimh oifigigh an PSNI.

‘Tuigim go mbeidh sé sin ina ábhar mór imní do go leor de mo chomhghleacaithe agus dá dteaghlaigh go deimhin, i láthair na huaire,’ a dúirt sé.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram