Phioc tú an trodaí mícheart, a deir Cameron le Taylor

04/08/2023

Déanfaidh Katie Taylor iarracht díoltas a bhaint amach as an cailleadh i mBaile Átha Cliath ach deir Chantelle Cameron go mbeidh sí níos láidre fós an uair seo

Beidh deis ag Katie Taylor an t-aon bhua a bhain lena gairm bheatha ghairmiúil a chur taobh thiar di – agus is i mBaile Átha Cliath a bheidh sé.

Tá sé deimhnithe go dtabharfaidh laoch dornálaíochta na hÉireann aghaidh ar Chantelle Cameron don dara huair i mBaile Átha Cliath ar 25 Samhain.

Katie Taylor
Katie Taylor

Bhuail Cameron Taylor le cinneadh tromlaigh i bout teacht abhaile a rabhthas ag súil leis le fada don dornálaí as Bré.

Thug Taylor le fios go mbeadh sí ag lorg coimhlint eile le Cameron seachas filleadh ar an meáchan éadrom.

Ach tá sé tuartha ag Cameron go mbeidh oíche níos compordaí aici, ag maíomh gur roghnaigh Taylor ‘an trodaí mícheart le troid’.

‘An uair dheireanach a bhain mé amach ceann de na buanna is fearr riamh i gcoinne an trodaí mná is fearr ar domhan,’ a dúirt an dornálaí Sasanach.

Chantelle Cameron
Chantelle Cameron

Bhí ‘promoter’ an dá trodaithe, Eddie Hearn, ag cur in iúl go mbeadh an 3 Arena an t-ionad is fear arís don troid.

Deimhníodh sin tráthnóna Dé Céadaoin.

‘Tá lúcháir orm go bhfuil an t-athmheaitseáil déanta agus ní féidir liom fanacht ar oíche mhór eile i mí na Samhna,’ a dúirt Taylor.

‘Is breá liom dúshláin mar seo agus is iad seo na hócáidí ab fhearr liom.’

Dúirt Cameron: ‘Ba mhór an t-eispéireas é dul anonn go hÉirinn le haghaidh a teacht abhaile le mo chriosanna ar an líne agus an bua a fháil, ach tá a fhios agam cad a bheidh le súil agam anois.

‘Bhí mé ag troid ag an leibhéal ard sin agus brú ollmhór orm agus an slua i mo choinne.

Katie in aghaidh Chantelle Cameron
Katie in aghaidh Chantelle Cameron

‘Tá mé níos ullmhaithe an uair seo. Tá a fhios agam cad na mothúcháin a bhaineann leis anois agus beidh mé ag dul isteach ann le níos mó fuinnimh agus tá muinín agam as an jab a dhéanamh ar bhealach níos fearr.

‘Beidh mé i bhfad níos fearr sa “rematch”. Sa “gym” táimid ag ceartú na botúin a rinne mé.

‘Ba bheag rudaí a bhí á ndéanamh agam le linn an chéad troda a d’fhág go raibh mé ag brú mo chinn go mór – sin an fáth go raibh m’aghaidh an-brúite ag deireadh an troid.’


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram