Trí rabhadh Stádas Buí thar dheireadh seachtaine saoire bainc, eisithe ag Met Éireann

04/08/2023

Bí ag faire amach do ‘spot flooding’, ‘poor visibility’ agus deacrachtaí agus contúirtí ar na bóithre a deir Met Éireann

 Tá trí rabhadh aimsire Stádas Buí eisithe ag Met Éireann do chodanna den tír thar dheireadh seachtaine saoire bainc.

Bhí rabhadh báistí Stádas Buí ann don Aoine ag 2pm do Chonnachta (Connacht) agus don Chabhán (Cavan) agus bhí sé le leanacht ar aghaidh go dtí 9am Dé Sathairn.

Dúirt Met Éiréann go raibh an rabhadh céanna do Bhaile Átha Cliath, Cill Dara, Laoise, Longfort, Lú, an Mhí, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Cill Mhantáin agus Muineachán ar feadh 6pm Dé hAoine go dtí 1pm Dé Sathairn.

Stádas Buí  ó Met Éireann
Stádas Buí ó Met Éireann

Bheadh tréimhsí trom báistí ann freisin, a dúirt siad.

Tugadh rabhadh don phobal a bheadh ag taisteal, faire amach do ‘spot flooding’, ‘poor visibility’ agus deacrachtaí agus contúirtí ar na bóithre.

Thug Met Éireann rabhadh gaoithe Stádas Buí do Chorcaigh, Ciarraí agus Port Láirge ó 1am Dé Sathairn go dtí meán lae.

Thug siad rabhadh a bheith cúramach mar gheall ar ghaotha an-láidir ó thuaidh go dtí an iarthuaisceart le séideáin suas le 110 km/u.

D’fhéadfadh go dtitfeadh brainsí, go mbeidh damáiste do struchtúir shealadacha agus coinníollacha taistil deacra mar thoradh air seo.

Báisteach
Báisteach

Dúirt Met Éireann go mbeadh na laethanta grianmhara agus an aimsir thirim a mhair suas go dtí oíche Déardaoin agus maidin Dé hAoine ag teacht chun deiridh i bhformhór áiteanna.

Cé go raibh maidin Dé hAoine tirim den chuid is mó le tréimhsí gréine agus gan ach cúpla ceathanna, dúirt Met Éireann: ‘Tiocfaidh scamaill ón iarthar un thráthnóna agus beidh báisteach san iarthar agus san iardheisceart.

‘Sínfidh an bháisteach soir chuig gach ceantar tráthnóna. Go ginearálta beidh na teochtaí is airde idir 16 agus 19 céim agus beidh gaotha éadrom go measartha san iarthuaisceart,’ a dúirt Met Éireann.

Beidh sé fliuch agus an-ghaofar oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn le meascán de thréimhsí tirime, ceathanna agus báisteach níos seasmhaí go dtí Dé Luain.

‘Beidh tús fliuch agus gaofar Dé Sathairn le báisteach agus gaotha láidre thiar thuaidh.

Beidh sé fliuch agus an-ghaofar o
Beidh sé fliuch agus an-ghaofar o

‘Leanfaidh báisteach isteach i Muir Éireann tráthnóna le tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe ina dhiaidh ar feadh an chuid eile den lá.

‘Beidh na teochtaí idir 14 agus 17 céim le gaotha láidre thiar thuaidh, ag maolú de réir a chéile i rith an lae, a dúirt siad.

Táthar ag tuar go mbeidh an Domhnach geall le meascán de sholas na gréine agus ceathanna, a bheidh i gCúige Uladh is minicí.

Beidh an teocht chomh hard le 20C in áiteanna Dé Domhnaigh.

‘Táthar ag súil go scaipfidh an bháisteach ó thuaidh ar fud na tíre Dé Luain ach d’fhéadfadh go bhfanfadh roinnt contaetha ó thuaidh tirim.

Beidh na teochtaí is airde idir 14 agus 17 céim i ngaoth measartha thiar theas.

‘Táthar ag súil le báisteach oíche Dé Luain. Beidh na teochtaí is ísle idir 11 agus 14 céim le gaotha thiar theas,’ a dúirt Met Éireann.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram