Dúirt triúr damhsóirí camchuairte a bhí ag obair le Lizzo go rinne an t-amhránaí ciapadh gnéasach (sexual harassment) agus gur chruthaigh sí timpeallacht oibre naimhdeach.
Tá roinnt teagmhais líomhnaithe liostaithe acu a deir siad gur tharla idir 2021 agus i mbliana lena n-áirítear náiriú meáchain (weight shaming).
Líomhain na rinceoirí freisin gur cháin Lizzo ardú meáchain damhsóra amháin. Déánann an t-amhránaí abhcóideacht le haghaidh dearfacht coirp agus féin-ghrá.
De réir na líomhaintí, i Los Angeles, chuir Lizzo brú ar dhamhsóir amháin teagmháil a dhéanamh le taibheoir (performer) ‘nude’ ag club in Amstardam.
Líomhnaítear freisin gur chuir sí éisteacht ‘excruciating’ ar feadh 12 uair an chloig ar roinnt damhsóirí tar éis líomhaintí bréagacha a dhéanamh gur ól siad agus iad ag obair.
Ina theannta sin, líomhnaíonn siad gur bhrúigh captaen damhsa Lizzo, Shirlene Quigley, a creideamh Críostaí ar thaibheoirí eile.
Líomhnaítear freisin gur shéan Quigley iad siúd a raibh gnéas réamhphósta acu, agus í ag ionsamhladh (simulating) gnéas béil, ag roinnt ‘fantasies’ gnéasacha agus ag plé maighdeanas taibheora amháin.
Ní deir na líomhaintí an raibh a fhios ag Lizzo faoi iompar líomhnaithe Quigley, ach creideann an triúr atá ag glacadh an cháis – na damhsóirí Arianna Davis, Crystal Williams agus Noelle Rodriguez – go raibh eolas aici faoi na gearáin i gcoinne Quigley, a dúirt a ndlíodóir, Ron Zambrano.
Ainmníonn an cás Lizzo, a bhfuil a hainm dlíthiúil Melissa Viviane Jefferson, a comhlacht léiriúcháin, Big Grrrl Big Touring, Inc agus Quigley mar chosantóirí.
I measc na n-éileamh tá ciapadh gnéasach, cruthú timpeallachta oibre naimhdeach, príosúnacht bhréagach agus cur isteach ar bhuntáiste ionchasach (prospective) eacnamaíoch.
Níor tugadh gach éileamh i gcoinne gach cosantóra.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.