Tá an tuairimíocht ag dul timpeall go mbeidh Coldplay ag fógairt gig i mBaile Átha Cliath go luath.
Thosaigh na ráflaí tar éis hastag mistéireach ar na meáin shóisialta.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an banna ag moladh dáta Éireannach le linn a gcamchuairt dhomhanda, atá ar siúl faoi láthair.
Bhí ráflaí ag dul timpeall ar líne le cúpla lá anuas go mbeidh roinnt gigeanna á bhfógairt ag Coldplay i bPáirc an Chrócaigh go luath.
Sheinn an banna ag ceannáras CLG an uair dheireanach in 2017 ach tá siad tar éis dul thar Éirinn le linn a dturas domhanda le déanaí.
Creideann go leor daoine go bhfuil sé seo mar gheall ar chostas ard an árachais (insurance cost) anseo agus d’fhág sin lucht leanúna Coldplay in Éirinn croíbhriste.
Mar sin féin, tá an hastag ‘#ColdplayDublin’ feicthe ag lucht leanúna ag teacht suas ar scáileáin ag a seónna.
Agus is é an toradh a bhí ar an tuairim go bhféadfadh dáta Éireannach a bheith mar thoradh ar sin.
Faoi láthair tá Coldplay ag seinm ceithre gig atá díolta amach in Amstardam agus is sin an áit a bhfuil lucht na ceolchoirme tar éis scáileán a fheiceáil a deir ‘#ColdplayDublin’.
Tá Coldplay thart ó 1996, nuair a bhunaigh Chris Martin, an giotáraí Jonny Buckland, an bassist Guy Berryman, an drumadóir Will Champion agus an stiúrthóir cruthaitheach Phil Harvey iad i Londain.
Le 100 milliún albam díolta ar fud an domhain, tá Coldplay ar cheann de na bannaí is rathúla san 21ú haois.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.