Deir Airí Rialtais, fiú má ghníomhaíonn siad anois go n-éireoidh costas ospidéal na leanaí agus go gcuirfear moill air.
Tá scoilt mhór idir an comhlacht tógála agus Bord an ospidéil, de réir tuairisce san Irish Daily Mail.
Tagann sé seo i ndiaidh tuairiscí san Irish Times gur dhiúltaigh an comhlacht tógála rochtain (access) ar an suíomh ar feadh sé seachtaine d’imscrúdaitheoirí (inspectors) a cheap an bord chun scrúdú a dhéanamh ar an moill (delay) ar chríochnú an fhoirgnimh.
Tá an costas a bhaineann le hOspidéal Náisiúnta na Leanaí a thógáil ardaithe go €1.4 billiún cheana féin agus meastar anois go gcosnóidh sé níos mó ná €2 billiún.
Mar sin féin, tá sé ráite ag Airí sinsearacha leis an Irish Daily Mail go bhfuil sé deacair aon rud a dhéanamh faoi sin.
Deir siad má dhéanann siad iarracht an conradh leis an bpríomhchomhlacht tógála (main builders), BAM a chur ar ceal, go mbeidh an mhoill níos faide fós agus go mbeidh an costas níos mó fós.
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly gur cheart go mbeadh comhoibriú agus idirphlé idir na páirtithe ar fad
Tá íocaíochtaí 15% le BAM coinnithe siar ag Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Péidiatraiceach (NPHDB) cheana féin agus tá an chuid is mó d’éilimh an chomhlachta ar níos mó airgid chun íoc as costais mhéadaithe, ceistithe ag an mBord.
Tá sé ráite ag BAM gur tugadh rochtain ar an suíomh do na himscrúdaitheoirí a cheap an bord, Kroll, ach go bhfuil rochtain ar feitheamh ar críochnú na hoiliúna sláinte agus sábháilteachta éigeantach (completion of mandatory health and safety training).
Thuairiscigh an Irish Times freisin gur tháinig an Bord le chéile an mhí seo caite chun ceisteanna a bhaineann le ‘iompar’ BAM a phlé.
Deirtear go dúradh le hionadaí an Bhoird: ‘Ní dhéanfaidh BAM freastal ar chruinnithe má bhíonn an NPHDB i láthair’; agus gur dúradh le fostaithe BAM ‘gan teagmháil a dhéanamh le pearsanra NPHDB, le Kroll san áireamh’ atá i mbun athbhreithniú ar oibreacha ar an suíomh.
Anois tá sé ráite ag foinse sinsearach sa Chomh-aireacht: ‘Tá an rogha ann deireadh a chur leis an gconradh ach ní rogha saor ó chostas é sin ach an oiread.
‘D’fhéadfadh go mbeadh roinnt ama ann sula dtiocfaidh conraitheoir nua ar an láthair chun an obair a dhéanamh.
‘Is féidir le duine ar bith a d’athraigh conraitheoir lár an tionscadail a insint duit faoi sin.’
Nuair a fiafraíodh díobh ar chreid siad go raibh sé indéanta an tionscadal a chríochnú le BAM, dúirt urlabhraí de chuid an Bhoird go bhfuil siad ag fanacht le clár comhlíontach.
Ag labhairt dó ar Dé Máirt, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach bhfuil sé mar ‘rún nach bhfuil an Rialtas sásta’ le BAM ‘ó cuireadh tús leis an tionscadal’.
Dúirt sé nach raibh ‘na hacmhainní go hiomlán tiomnaithe don suíomh’ ag an gcomhlacht.
‘Is tionscadal mór é, ach tá ganntanas foirne agus acmhainní gann air ón tús,’ a dúirt sé.
‘Sin é an chúis atá leis an moill go príomha, tá cúiseanna eile ann freisin ach sin an phríomhchúis leis an moill agus tá baint aige leis an gcostas méadaitheach freisin.
‘Agus sin an áit a bhfuil an Rialtas ag brú ar ais in aghaidh éileamh ón gconraitheoir ar airgead breise,’ a dúirt sé.
Ach dúirt TD de chuild Fhianna Fáil agus ball de Choiste Sláinte an Oireachtais John Lahart go gcaithfidh an Stát gníomhú go práinneach.
Dúirt sé: ‘Tá an pointe ina bhfuil an baol ann go mbreathnóidh conraitheoirí ar an Stát mar “pushover”, maidir le tionscadail phoiblí, imithe agus ní mór don Stát beart práinneach a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar seo.’
Dúirt BAM leis an Irish Daily Mail go gcuirfidh siad clár athbhreithnithe oibreacha ar fáil don Bhord don chéim dheireanach den tógáil an tseachtain seo.
Dúirt urlabhraí don chomhlacht tógála go raibh BAM i dteagmháil go hiomlán leis an mBord agus lena chomhairleoirí ar fud an tionscadail.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.