Kennedy cáinte ag baill teaghlaigh as ‘ráitis chiníocha’

Iarrthóir Uachtaránachta na Stát Aontaithe Robert Kennedy faoi bhrú maidir le héilimh faoi Covid mar arm

Cháin baill teaghlaigh an iarrthóra uachtaránachta Daonlathach Robert Kennedy Jr as a chuid éileamh faoi Covid 19.

Mhaígh sé gur rinne na Síneach innealtóireacht (engineering) ar Covid agus go raibh sé dírithe ar roinnt grúpaí eitneacha agus chun daoine eile a shábháil.

Is iar-aturnae agus nia le John F Kennedy é Kennedy. Tá sé ag tabhairt dúshlán ar Joe Biden d’ainmniúchán uachtaránachta (presidential candidate) Daonlathach na bliana seo chugainn.

Labhair sé faoi Covid le linn dinnéar i gcathair Nua-Eabhrac le déanaí.

Kennedy
Joe Biden

Dúirt sé go raibh an víreas ‘dírithe ar ionsaí a dhéanamh ar na Caucasaigh agus ar na daoine gorma’.

Líomhain sé forbairt na Síne ar víris mar arm bitheolaíoch (biological weapon).

‘Tá argóint ann go bhfuil sé dírithe ar eitneachas. Ionsaíonn Covid-19 grúpaí áirithe go díréireach,’ a dúirt sé. ‘Is iad na daoine is díolmhaithe (immune) ná Giúdaigh, “Ashkenazi” agus Sínigh.’

Cháin rúnaí preasa an Teach Bán Karine Jean-Pierre na ráitis.

‘Tá an t-éileamh a dhéantar bréagach. Is olc é,’ a dúirt sí. ‘Cuireann siad ár gcomh-Meiriceánaigh i mbaol má smaoiníonn tú ar na teoiricí ciníocha agus frith-Seimíteacha (racist and anti-Semitic) a thagann as na cineálacha rudaí sin a rá.

‘Is ionsaí é ar ár gcomhshaoránaigh, ar ár gcomh Meiriceánaigh. Mar sin tá sé tábhachtach go labhraímid amach.’

Chuaigh gaolta Kennedy chuig na meáin shóisialta chun páirt a ghlacadh sa cáineadh.

‘Cáinim go láidir na ráitis scanrúla agus bhréige a rinne mo dheartháir faoi Covid a bheith á innealtóireacht le haghaidh díriú eitneach,’ a scríobh a dheirfiúr Kerry Kennedy, cathaoirleach an ghrúpa abhcóideachta cearta daonna Robert F Kennedy a ainmníodh dá n-athair.

‘Ní léiríonn a ráitis an méid a chreidim ná a seasann Robert F Kennedy Cearta Daonna dó, agus an cuntas teiste 50+ bliain atá againn maidir le cearta a chosaint agus seasamh in aghaidh ciníochais agus gach cineál idirdhealaithe.’

Agus dúirt Joe Kennedy III, toscaire speisialta SAM go Tuaisceart Éireann agus nia leis an bhfear gnó: ‘Bhí tuairimí m’uncail gortaithe agus mícheart.

‘Cáinim go soiléir an méid a dúirt sé.’

Rinne Kennedy iarracht a rá nach ndearna sé na héilimh.

‘Tá scéal an New York Post mícheart. Níor mhol mé riamh go ndearnadh innealtóireacht ar an víreas Covid-19 chun Giúdaigh a spáráil, agus diúltaím go soiléir don teoiric scanrúil seo,’ a dúirt sé.

Mar sin féin tá téip de na tuairimí ag an New York Post.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram