Pauw ag súil go dtosóidh Denise O’Sullivan i gcoinne na hAstráile

18/07/2023

Tá a téarnamh (recovery) O’Sullivan ag dul chomh maith agus a bhí ag súil le campa na hÉireann

Táthar ag súil go dtosóidh imreoir lár páirce na hÉireann, Denise O’Sullivan i gcoinne na hAstráile i gcéad chluiche Chorn an Domhain Déardaoin i Sydney.

Fuair O’Sullivan drochghortú ar a “shin” le linn an chluiche conspóideach taobh thiar de dhoirse ar Dé hAoine seo caite in aghaidh na Colóime (Colombia).

Sullivan
Denise O’Sullivan

Chuir an t-ionsaí iachall ar an gcluiche a thréigean (abandon) tar éis 20 nóiméad.

Tugadh an bhean as Corcaigh go dtí ospidéal in aice láimhe le haghaidh scanadh agus bhí sí i mbróg cosanta (protective boot) an deireadh seachtaine ar fad.

Baineadh é sin áfach agus d’fhill captaen North Carolina Courage ar oiliúint éadrom (light training) i Brisbane ar Dé Luain agus Dé Máirt, ag glacadh páirte i roinnt obair liathróide den chéad uair ó chluiche na Colóime.

Tá a téarnamh (recovery) ag dul chomh maith agus a bhí súil ag campa na hÉireann.

pauw4 960x560 1
Vera Pauw

Tá Vera Pauw ag súil go mbeidh páirt iomlán aici san oiliúint Dé Céadaoin nuair a thuirlingíonn Éire i Sydney roimh an tsár-iomaíocht a bhfuiltear ag súil leis.

Cathain agus cá bhfuil and cluiche ar siúl?

Tá dúshláin mór ag Mná na hÉireann sa chluiche i nGrúpa B ar Déardaoin. Tabharfaidh siad aghaidh ar an Astráil a bheidh ina hóstach ar Chorn an Domhain i Staid Sydney na hAstráile os comhair slua de 82,500 ag 8in am áitiúil – sin 11rn am na hÉireann.

Conas is féidir féachaint air?

Beidh an cluiche – cosúil le gach ceann de 64 cluiche an chomórtais – beo ar RTÉ. Tosaíonn an clúdach ar 10.30rn ar RTÉ 2.

Cé eile atá ag imirt?

Cuirfear tús leis an gcéad chluiche den chomórtas ag 8rn am na hÉireann nuair a thabharfaidh comh-óstach an Nua-Shéalainn (New Zealand) aghaidh ar an Iorua (Norway) i nGrúpa A. Tá sé sin beo ar RTÉ 2 freisin.

Ag 3.30rn (am na hÉireann) maidin Dé hAoine, beidh an chéad deis againn comhraic (opponents) eile na hÉireann a fheiceáil i nGrúpa B nuair a imreoidh an Nigéir agus Ceanada i Melbourne.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram