Tá deartháir níos sine de Ronan Keating, Ciarán, básaithe agus tugadh a dheirfiúr céile chuig an ospidéal i ndiaidh timpiste ghluaisteáin.
Bhí siad páirteach i dtimpiste ar Dé Sathairn agus iad ag tiomáint chun a mac a fheiceáil ag imirt sacair.
Theith Ronan, 46, abhaile go hÉirinn le bheith in éineacht lena theaghlach tar éis na tragóide.
Maraíodh Ciarán Keating, a bhí ina 50idí, sa timpiste ar an N5, gar do Bhéal Átha na Muice (Swinford), i gCo. Mhaigh Eo, ag thart ar 3.35pm.
Gortaíodh a bhean Annmarie go dona sa timpiste agus tugadh go dtí an t-ospidéal í.
Díoltóir carranna a bhí ina chónaí i gCathair na Mart (Westport), Co. Mhaigh Eo ab ea Ciarán Keating.
Bhí sé féin agus Annmarie ar a mbealach chun a mac, Ruairí, a fheiceáil ag imirt do Cork City in aghaidh Sligo Rovers, i gcluiche Sraithe na hÉireann.
Tuigtear gur chuir Ruairí tús leis an gcluiche ag The Showgrounds ach tháinig sé as ag leath-am.
Bhain an timpiste marfach le dhá charr i mbaile fearainn Bhaile Uí Mhaoilíosa (Ballymiles), gar do Both Chomhla (Bohola) agus do Bhéal Átha na Muice.
Tugadh Annmarie – múinteoir meánscoile clúiteach – go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo. Deirtear nach bhfuil a cuid gortaithe bagrach don bheatha ach tá siad go dona.
Bhain gortuithe tromchúiseacha do thiománaí fireann an dara cairr agus aistríodh go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo é freisin.
Tugadh paisinéir fireann eile san fheithicil sin chuig an ospidéal freisin.
Bhí an bóthar inar tharla an timpiste oscailte arís tar éis do ghardaí scrúdú teicniúil a dhéanamh ar an láthair.
Is é Ronan an duine is óige de chúigear clainne, le deirfiúr amháin, Linda, agus triúr deartháireacha – Ciarán, Gerard agus Gary.
Bhí a n-athair Gerry ina thiománaí leoraí agus bhí a máthair Marie, a fuair bás i 1998 ag aois 51, ina gruagaire.
Tharla an timpiste ach laethanta roimh 28ú breithlá an imreora sacair Ruairí.
D’imir an tosaí do Sligo Rovers agus Galway United, chomh maith le foireann Shasana Torquay United.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil faisnéis nó píosaí scannáin dashcam acu dul i dteagmháil leis na gardaí ar an Líne Rúnda ar 1800 666 111 nó glaoch a chur ar aon stáisiún gardaí.
s seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.