Tá amhras mór faoi réalta sacair na hÉireann Denise O’Sullivan agus an mbeidh sí in ann imirt d’Éirinn sa chéad chluiche Corn an Domhain.
Cuireadh deireadh le cluiche ‘cairdiíúil’ Mná na hÉireann in aghaidh na Colóime ar Dé hAoine le díreach 20 nóiméad ar an gclog tar éis ionsaí ar O’Sullivan.
Bhí sé i gceist ag Éirinn an cluiche i bPáirc Meakin i Brisbane a úsáid mar chluiche cleachtadh do chluiche oscailte Chorn Domhanda na mBan ar an Déardaoin seo chugainn in aghaidh na hAstráile.
Tar éis tús corraitheach fisiciúil ón gColóim, áfach, b’é ionsaí ró-láidir ar O’Sullivan a chuir deiridh leis an cluiche tar éis cinneadh Vera Pauw.
Bhí ar an imreoir lár páirce as Chorcaí dul go dtí an t-ospidéal le scanadh a dhéanamh ar a ‘shin’, agus tá Vera Pauw ag fanacht go neirbhíseach ar na torthaí.
I ráiteas, dúirt an FAI: ‘Cuireadh deireadh leis an gcluiche taobh thiar de dhoirse idir Foireann Náisiúnta na mBan in Éirinn agus an Cholóim tráthnóna Dé hAoine tar éis 20 nóiméad.
‘D’éirigh an cluiche, a reáchtáladh i bPáirc Meakin, Brisbane, ró-fhisiciúil agus socraíodh, tar éis dul i gcomhairle le hoifigigh an chluiche, deireadh a chur leis an gcluiche.
‘Ansin chuaigh foireann na hÉireann faoi sheisiún traenála iomlán chun leanúint ar aghaidh leis na hullmhúcháin dá gcluiche oscailte i gCorn Domhanda na mBan FIFA 2023, i gcoinne na hAstráile i Sydney an 20 Iúil.’
D’eisigh na Colóime a ráiteas féin níos déanaí ag rá go raibh meas acu ar chinneadh na hÉireann.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.