Tá Imelda May ar dul ar an ‘red carpet’ i nGaillimh ag tacú le scannán nua a céile Niall McNamee
Is comhpháirtí bródúil í Imelda an tseachtain seo agus í ag freastal ar an 35ú Fleadh Scannán na Gaillimhe(Galway Film Fleadh) chun tacú le Niall.
Bhí an t-amhránaí sásta láithreas poiblí annamh a dhéanamh taobh lena céile.
Insíonn scannán nua Niall, Love Without Walls, scéal Sophie agus Paul, ceoltóirí nach bhfuil in ann a gcíos i Londain a íoc agus a théann chuig cairde agus teaghlaigh le haghaidh tacaíochta.
Cuireadh Imelda agus Niall in aithne dá chéile agus é i ról iriseoireachta Neil McCormick in Killing Bono ar West End I Londain.
Tá an bheirt ag maireachtáil le chéile ó 2020 i leith.
‘Níor shíl mé go ndéarfainn an abairt sin riamh ach sea, chuir Ronnie Wood mé féin agus Imelda le chéile,’ a dúirt Niall.
‘Uaireanta má tá mé ag rá é sin le mo chairde nó le duine éigin eile, deir siad, ” Ná caith é sin amach ansin mar sin agus liginn for rud gnách é.”‘
Mar sin féin, thug giotáraí na Rolling Stones a chara Imelda May chuig an dráma, Chasing Bono, a bhí a bhean Sally á léiriú.
Dúirt Niall: ‘Bhí comhrá againn ina dhiaidh sin agus anois tá muid beagnach cúig bliana le chéile, rud atá “bonkers”.’
Is as Dún Dealgan do Niall ach tá sé lonnaithe i Londain le breis agus 10 mbliana.
Glaonn Niall, atá 29 bliain d’aois, ‘laoch’ ar Ronnie Wood agus tá sé fós faoi chomaoin do as Imelda, atá 19 mbliana níos sine ná é, a thabhairt isteach ina shaol.
‘Chonaic mé Ronnie an tseachtain seo caite, agus tá sé fós lán de fuinneamh, duine chomh dearfach agus tú ag caint leis, agus táim an-bhuíoch dó as mé a chur in aithne d’Imelda,’ a dúirt Niall.
Scríobh agus thaifead an lánúin le chéile Don’t Let Me Stand On My Own ón albam de chuid Imerlda, 11 Past the Hour, cé nach mbeidh sí le feiceáil ar a chéad albam Glass And Mirrors, atá le teacht amach níos déanaí i mbliana.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.