Bhí ról ann do Saoirse Ronan sa scannán is mó le rá faoi láthair ach bhí sí ró-ghnóthach ag an am, de réir an stiúrthóir an scannáin.
Tá sé curtha in iúl ag an stiúrthóir Barbie, Greta Gerwig, gur rinne sí iarracht Saoirse a fháil le haghaidh ról i Barbie ach theip uirthi.
Bhí Saoirse ag obair cheana féin le Greta ar Little Women agus Lady Bird.
Anois tá an scannán is déanaí le Greta, Barbie, faoin mbábóg íocónach, á eisiúint an mhí seo.
Mhínigh Greta gur thuig sí conas a bhí rudaí le Saoirse agus mar sin rinne sí iarracht ról níos lú a fháil di i Barbie.
Dúirt sí: ‘Chaithfí páirt níos lú a bheith ann i gcónaí mar bhí Saoirse ag obair ag an am, rud a bhfuilim chomh bródúil aisti as.
‘Agus ar ndóigh, tá sé thar cionn. Ach cameo speisialtachta a bhí ann di.’
SCÉAL EILE: A Swift one! Réaltaí na Banshees ag lorg ‘real pint’
Dúirt sí freisin: ‘Bhí mé chun cameo speisialtachta a dhéanamh le Timmy freisin, ach ní raibh an bheirt acu in ann é a dhéanamh.
‘Bhí mé an-chorraithe. Ach is breá liom go mór iad,’ a dúirt sí.
Tá Saoirse agus Timothée araon gnóthach. Beidh Saoirse i Foe le Paul Mescal agus The Outrun, agus tá an scannán Blitz á scannánú aici.
Tá Timothée ag obair freisin ar dhá scannán a bhfuiltear ag súil leo níos déanaí i mbliana.
Eiseofar Dunne 2, a bhfuil sé féin agus Zendaya, i mí na Samhna, agus eiseofar an scannán nua faoi Willy Wonka, dar teideal Wonka, i mí na Nollag.
Maidir le Barbie, tá Margot Robbie agus Ryan Gosling mar Barbie agus Ken, agus beidh an scannán i bpictiúrlanna an 21 Iúil.
• Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.