Binge breathnú beo leis an ‘O’Casey Trilogy’ i nGaillimh thar sé uair go leith

08/07/2023

Gheobhaidh lucht leanúna Seán O’Casey i nGaillimh an deis breathnú ar thrí cinn de na drámaí Éireannaigh mór le rá in aon suíomh amháin.

Amharclann an Druid i nGaillimh ag cur na trí dhráma is cáiliúla de chuid Seán O’Casey ar siúl le linn lá amháin, mar chuid d’Fhéile Ealaíon (Galway International Arts Festival) na cathrach.

Tá ticéid díolta amach do léiriú aon lae den ‘O’Casey Dublin Trilogy’, ina mbeidh The Plough and the Stars, The Shadow of a Gunman agus Juno and the Paycock ann.

O'Casey
Hilda Fay

Is é sin thar sé uair go leith.

Tar éis léiriú na Gaillimhe, tabharfaidh Druid O’Casey camchuairt ar Bhéal Feirste agus ar Bhaile Átha Cliath níos déanaí sa samhradh sula dtabharfaidh siad an léiriú go dtí na Stáit Aontaithe san Fhómhar.

Tá an léiriú go háirithe ábhartha anois mar go dtógann sé isteach an tréimhse ó Éirí Amach na Cásca, go Cogadh na Saoirse agus go dtí an Cogadh Cathartha.

Mar sin féin, dúirt comhbhunaitheoir agus Stiúrthóir Ealaíne an Druid, Garry Hynes, nár ceapadh Druid O’Casey mar gheall ar sin agus nach bhfuil ann ach comhtharlú sona.

Dúirt sí nár léiríodh na drámaí le chéile riamh roimhe seo agus go raibh an plean ann chun an tríológ a chur i láthair sna saothair le roinnt blianta anuas.

Agus toisc go bhfuil scéal na dtrí dhráma á rith in ord cróineolaíoch, dúirt an dearthóir seit agus feisteas (set and costume designer), Francis O’Connor, gurbh é túsphointe a thasc ná féachaint ar na trí dhráma mar shaothar amháin i naoi ngníomh.

Dúirt sé gur lig sé seo dó teacht ar théamaí agus smaointe a chuaigh tríd na trí dhráma agus ansin é sin a úsáid chun an dearadh a threorú.

Tá cleachtaí teicniúla ar siúl an tseachtain seo, roimh an gcéad seó réamhamhairc ag an deireadh seachtaine.

Tá ocht n-aisteoir dhéag páirteach agus toisc go n-insíonn na trí dhráma scéalta éagsúla faoin gcaoi a ndeachaigh imeachtaí polaitiúla móra na linne i bhfeidhm ar ghnáthdhaoine bíonn go leor de na haisteoirí I níos mó ná ról amháin.

Mar shampla, tá Hilda Fay i ról Bessie Burgess in The Plough and the Stars agus Juno in Juno and the Paycock.

O'Casey

Dúirt sí: ‘Is scríbhneoir chomh tábhachtach sin dár dtír é O’Casey. Seasann na drámaí seo faoi thástáil ama agus tá siad uilíoch.

‘Is saothair áille iad agus tá gach carachtar chomh huathúil ach táim chomh bródúil as a bheith mar charachtair chomh láidir agus mná chomh tréan.

‘Agus scríobh sé [O’Casey] go hálainn do mhná maidir lena neart agus an chaoi a raibh orthu déileáil leis na hiarmhairtí (pick up the pieces) agus aire a thabhairt dá dteaghlaigh.

‘Ní raibh siad ina laochra sna hamanna sin ach ba iad na mná a choinnigh gach rud le chéile.’

Beidh Rory Nolan I ról Captaen Boyle i Juno agus Séamus Sheilds i Shadow of a Gunman.

Dúirt sé: ‘Is drámaí iontacha iad, le cuid de na carachtair is fearr a scríobhadh riamh agus trí cinn de na drámaí is cáiliúla i stór na hÉireann.’

Dúirt sé go bhfuil caighdeán “box sets” ag baint leis na trí shaothar a fheiceáil go croineolaíoch.

‘Dúirt O’Casey féin nach raibh a fhios aige go raibh sé ag scríobh triológ ag an am.

‘Bhí sé ag scríobh faoi na himeachtaí atá an-ghar don am a tharla siad agus tugann sé sin léargas iontach ar an am atá caite againn mar náisiún agus ar an ábhar a chuaigh ar aghaidh thart ar bhunú an Stáit.’

Tá an léiriú mar chuid lárnach d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe na bliana seo, a bheidh ar siúl ar 17 Iúil.


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram