Tá fearg ar úsáideoirí Twitter atá ag rá #RIPTwitter toisc go bhfuil teorainn curtha ag Musk leis an líon post is féidir leo a léamh gach lá.
Chuir úinéir an tsuímh meán sóisialta na srianta sealadacha i bhfeidhm, ag lua fadhbanna leis an líon cuideachtaí agus láithreáin ghréasáin atá ag baint úsáide as sonraí Twitter.
Ach cheistigh daoine é sin.
Deir roinnt daoine go bhféadfadh gur ciorruithe (cutbacks) ollmhóra a rinne Musk ar an bhfoireann ó cheannaigh sé an comhlacht ar $44 billiún anuraidh ba chúis leis na fadhbanna.
De réir na srianta nua, a thosaigh thar an deireadh seachtaine, nach bhfuil cead ag úsáideoirí atá ‘cuntas nach bhfuil deimhnithe acu (unverified accounts) – sé sin ceann gan ‘tic gorm’ – ach féachaint ar 600 postáil in aghaidh an lae.
Idir an dá linn d’fhéadfadh cuntais le tic gorm, a bhíonn i seilbh daoine cáiliúla agus cuideachtaí ard-phróifíle, féachaint ar 6,000 post in aghaidh an lae.
Ina theannta sin, cé gur gnách gur féidir an suíomh a fheiceáil fiú gan cuntas pearsanta, de réir na srianta nua, níl cead ach ag daoine a bhfuil a gcuid sonraí logáil isteach féin acu in ann postálacha a fheiceáil anois.
Mar sin féin, tar éis frithfhreagairt (backlash), ardaíodh an teorainn ar líon na tweets a d’fhéadfaí a fheiceáil go 1,000 post gach lá d’úsáideoirí nach bhfuil deimhnithe agus 10,000 in aghaidh an lae do chuntais atá.
Tá cáil ar an aip mar gheall ar an úsáid a bhaineann sé as hashtags agus an srian a leagann sé ar an líon carachtair is féidir a úsáid in aon phostáil amháin.
D’éiligh úsáideoirí go híorónta go raibh an aip ‘marbh’ leis an hashtag ‘RIP Twitter’ ar an suíomh.
Tá an chúis oifigiúil leis na srianta tugtha mar fhadhbanna le ‘data scraping’.
Is éard atá i gceist leis seo ná go n-úsáideann suíomhanna eile sonraí Twitter a thagann óna chuid úsáideoirí, le 500 milliún post in aghaidh an lae.
Is cáinteoir é úinéir Musk – ar fiú $237billiún é – ar mhí-úsáid sonraí Twitter chun córais hintleachta saorga (artificial intelligence, AI) ar nós ChatGPT a thraenáil.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.